Cat
| Felis catus | |
|---|---|
| Tréimhse ama | |
| Sonraí | |
| Tréimhse iompair | 64 laethanta |
| Is foinse é an tacsón seo de | cat dander (en) |
| Ionchas saoil | c. 22 bliain |
| Galar | ailléirge cat |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Carnivora |
| Fine | Felidae |
| Géineas | Felis |
| Speiceas | Felis catus Linnaeus, 1758 |
| Ainmníocht | |
| Ainm comhchiallach an tacsóin | |
| Taifead | |
Is mamach feoiliteach[1] agus ainmhí clóis é an cat (Felis catus), nó an cat clóis/tí/baile, mar a thugtar air uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus féilínigh eile. Úsáidtear an t-ainm go coitianta ar an gcat teaghlaigh, agus ainmneacha dá gcuid féin ar speicis eile: leon, tíogar is eile.
Meastar go bhfuil breis agus 600 - 1,000 milliún cat ar fud na cruinne inniu:
- Cait bhaile (peataí): Thart ar 370–400 milliún cat a bhfuil úinéirí acu agus a chónaíonn i dtithe.
- Cait shráide agus cait fhiáine: Thart ar 200–600 milliún cat a mhaireann sa nádúr nó i gceantair uirbeacha gan úinéirí (cait strae nó cait fhiáine).
Inniu bíonn an-tóir go deo ar fhíseáin, íomhánna agus méimeanna a bhaineann leis an ainmhí beag. Is amhlaidh go bhfuil an oiread físeán faoi chait ar Youtube – thar 2 mhilliún! – go bhfuil ‘Sonóg Neamhoifigiúil an Idirlín’ baiste ar an chat!.[2]
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an Chait ar an 8 Lúnasa. Ba é an Ciste Idirnáisiúnta um Leas Ainmhithe[3] a chuir tús leis an nós in 2002.[2]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá caidreamh fada ag an gcat leis an gcine daonna, ar a laghad 9,500 bliain,[4] mar pheata agus chun an ruaig a chur ar mhíolra.
Téann bunús na gcat ceansaithe baile siar go dtí an Neasoirthear nuair a thosaigh an cat fiáin a dhul a chónaí i measc na mbailte nua a bhí á dtógáil ann ag an am. Bhí cait cheansaithe teaghlaigh san Éigipt chomh fada siar le 4,000 bliain ó shin, agus is féidir go ndearna siad éabhlóid ón gcat fiáin. Síolraíonn gach cat ar domhan ó chúig chat fia baineann a ceansaíodh sa tréimhse sin.[2] Níorbh fhada gur leathnaigh an cat baile ar fud an domhain.
Faoin am seo tá an iliomad pór ann, a rangaítear go ginearálta mar chait mhaola, fhadmhosacha is ghearrmhosacha .[1]
Géinitic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an ráiteas thuas bunaithe ar thorthaí ó thagarmharc-staidéar géiniteach a foilsíodh san iris eolaíochta Science sa bhliain 2007 (faoi stiúir Carlos Driscoll).
Rinne na heolaithe anailís ar ADN miteacoindreach— an cineál ADN a tharchuirtear go díreach ó mháthair go sliocht — ó beagnach 1,000 cat ar fud an domhain, idir chait teaghlaigh agus chait fhiáine. Thaispeáin an taighde sin go dtagann gach cat baile atá ann inniu ó chúig líne mháthartha dhifriúla de chuid an chait fhiáin Neas-Oirthearaigh (Felis silvestris lybica).
Sa chiall ghéiniteach sin, is fíor go síolraíonn gach cat baile ar domhan ó chúig mháthair-shinsear (nó cúig líne bhunúsacha ó chait fhiáine bhaineanna) a ceansaíodh sa Chorrán Méith sa Neasoirthear thart ar 9,000 go 10,000 bliain ó shin. Ní chiallaíonn sé sin nach raibh ach cúig chat aonair sa réigiún ar fad ag an am, ach gur ó na cúig mháthair-líne sin amháin a tháinig an DNA miotachondreach atá marthanach i gcait an lae inniu.[5][6]
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá gach seans ann go síolraíonn an focal ‘cat’, atá le fáil i dteangacha ar fud na hEorpa, ón mhórcheantar céanna, ó theanga Afra-Áisice nó teanga a bhí á labhairt san Éigipt roimh an Choptais.[2]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mamach beag feoiliteach atá i gceist. Déanann na cait fuaim faoi leith; deirtear go mbíonn an cat ag crónán.
Creachadóir tréitheach é, agus meastar go bhfuil thart ar 1,000 speiceas á fhiach aige mar bhia. Tá sé sa dúchas ag an gcat lucha a mharú, go háirithe.
Bíonn an cat an-neamhspleách

Frásaí[7] agus seanfhocail
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "a bheith cosúil le rud a tharraingeodh an cat isteach lá fliuch"
- "ag borradh is ag at mar a bheadh cat i mála"
- "ar nós cat ar ghrideall"
- "Ar fhuadaigh an cat do theanga?"
- "Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán"
- "Beagán ar bheagán a d'ith an cat an scadán"
- "bheith chomh ríméadach le cat a mbeadh bróga air"
- "bheith chomh sásta le cat a mbeadh póca air"
- "Bíonn gach cat liath san oíche"
- "Briseann an dúchas trí shúile an chait"
- "Cad a dhéanfadh mac a' chait ach luch a mharú?"
- "chomh postúil le cat a mbeadh póca air"
- "chomh sásta le cat an dá eireaball"
- "Chuirfeadh sé cat ag gáire"
- "Dhéanfadh sé cat agus dhá eireaball air"
- "Fiosracht a mharaigh an cat"
- "Is aoibhinn leis an gcat an t-iasc ach ní háil leis a chosa a fhliuchadh"
- "Is é gnó an chait luch a mharú"
- "Is iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh le him"
- "Is mac don chat an piscín"
- "Mura bhfuil cat sa teach beidh na lucha gan bac"
- "Nuair atá an cat amuigh, bíonn an luch ag rince"
- "Níl slí dhá chat chun rince ann"
- "Nuair a bhíonn an cat ar shiúl, bíonn cead rince ag na luchóga"
- "Ólann an cat ciúin bainne leis"
- "Scéal an chait, a piscín"
- "Tá cead ag an chat féachaint ar an rí (ach thig leis an rí é a chaitheamh)"[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- 1 2 3 4 NÓS (8ú Lúnasa 2017). "Lá Idirnáisiúnta an Chait á cheiliúradh inniu!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ i mBéarla, an International Fund for Animal Welfare
- ↑ "Oldest Known Pet Cat? 9,500-Year-Old Burial Found on Cyprus" (en). Animals (2004-04-08). Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ UC Davis. "BRAINMAPS.ORG - BRAIN ATLAS, BRAIN MAPS, BRAIN STRUCTURE, NEUROINFORMATICS, BRAIN, STEREOTAXIC ATLAS, NEUROSCIENCE" (en). brainmaps.org. Dáta rochtana: 2026-08-08.
- ↑ genome.gov. "Cat genome". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ "cat - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for cat by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Seanráite" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.