Turtar
Appearance
Testudines | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | blaosc toirtíse agus ola thurtair |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Bilateria |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Testudines Batsch, 1788 |
Sa mhíoleolaíocht, is péist den ord Chelonia nó Testudinata é an turtar. Is ainmhí mall ceathairchosach é agus blaosc nó sliogán láidir air, a mhaireann ar an bhfarraige de ghnáth[1], i gcodarsnacht leis an toirtís.
Cineálacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Toirtís an t-ainm a choimeádtar do na cineálacha a mhaireann ar tír,
- Tiripín do na cineálacha a chónaíonn in uisce úr agus atá inite.
- Is é an turtar droimleathair mara an ceann is mó, timpeall 400 kg maise. Maireann an turtar mara amuigh san fharraige an chuid is mó den am, gan teacht i dtír ach chun uibheacha a bhreith nó é féin a ghrianú.
- Itear an turtar glas mara níos mó ná aon cheann eile.
- Úsáidtear blaosc an turtar frithghobach mara go fairsing.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gialla láidre géara gan fiacla acu,
- an cholainn cumhdaithe i mblaosc de phlátaí cnámhacha,
- cónasctha le chéile le heasnacha is veirteabraí,
- faoi bhrat sciath adharcach.
Tá turtair éagsúla go leor ann[2];
- turtar abhann corónach
- turtar blaoscbhog ceannchaol
- turtar blaoscleathan
- turtar boinn óir
- turtar boscach cíleach
- turtar boscach uisceach
- turtar bréagshúileach
- turtar ceithreshúileach
- turtar cána foraoise
- turtar ceannramhar
- turtar clogaid
- turtar cluasdearg
- turtar coille sciamhach
- turtar corraigh dubh
- turtar dathannach lárnach
- turtar díonbhlaoscach
- turtar droimleathair mara
- turtar dubh
- turtar duilleach broinndubh
- turtar duillí broinndubh
- turtar eanaigh
- turtar eangbhéalach píbstríocach
- turtar fionnuisce
- turtar foraoise
- turtar frithghobach
- turtar glas mara
- turtar láibe
- turtar liopabhlaoscach
- turtar mucshrónach
- turtar píblúbach
- turtar píbnathartha
- turtar píbrua
- turtar píbstríocach
- turtar rédhroma
- turtar sábhdhroimeach
- turtar sclamhach
- turtar seiliditeach
- turtar spíonach
- turtar súileach
- lochthurtar ceannmhór
- ollturtar blaoscbhog
agus go leor eile.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: turtar" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2020-05-23.
- ↑ ""turtar"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Turtar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 683.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |