Reiptíl
| Reptilia | |
|---|---|
Smaug giganteus | |
| Sonraí | |
| Is foinse é an tacsón seo de | feoil reiptíle agus ubh |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Foríocht | Bilateria |
| Fíleam | Chordata |
| Fofhíleam | Vertebrata |
| Foraicme | Tetrapoda |
| Aicme | Reptilia Laurenti, 1768 |
Verteabraigh fuarfhuilteacha le chóras aer-análaithe is ea na Reiptílí. Bíonn craiceann láidir orthu faoi chlúdach gainní, acu in áit gruaige nó cleití. Is teitreapóid iad na reiptilí (le cheithre ghéag, nó síolraithe ó verteagraigh le cheithre ghéag) agus is aimníóit iad freisin, a bhfuil a suthanna mórthimpeallaithe le scannán aimníótacha.. Tá nathracha, laghairteanna, toirtísí, turtair, crogaill agus ailigéadair san áireamh in aicme na Reiptilí. Níl ach aon reiptíl dúchasach amháin in Éirinn, an t-earc luachra.
Cónaíonn reiptílí na linne i ngach mórroinn ach amháin in Antartaice, agus déanann ceithre ord atá fós beo ionadaíocht dóibh:
- Crocodilia (crogaill, gairiáil, cadhmain agus ailigéadair): 23 speiceas
- Sphenodontia (tuatáraí ón an Nua-Shéalainn): 2 speiceas
- Squamata (laghairteanna, nathracha agus amfaibaenidí ("laghairteanna-péiste")): beagnach 7,900 speiceas
- Testudines (toirtísí agus turtair): beagnach 300 speiceas
Beireann formhór an 8,000 speiceas reiptíle uibheacha ar tír agus tagann na hainmhithe óga amach ina gcruth iomlán, gan aon chéim larbhach. Beobhreith a bhíonn ar siúl ag na scuamátí (Béarla: squamates).
Rangú
[cuir in eagar | athraigh foinse]