Ailigéadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAiligéadar
Alligator Cuir in eagar ar Wikidata

Alligator mississippiensis Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defeoil ailigéadair Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeReptilia
OrdCrocodilia
FineAlligatoridae
FofhineAlligatorinae
GéineasAlligator Cuir in eagar ar Wikidata
Cuvier, 1807

Ainmhí feoiliteach is ea an ailigéadar. Reiptíl atá ann, agus is ball d'fhine na alligatoridae é.

Bhí na hailigéadair ar an domhan seo ar feadh 37 milliún bliain. Tá dhá chineál ailigéadar ann: an t-ailigéadar Meiriceánach agus an t-ailigéadar Síneach. Tagann an focal ailigéadar ón Spáinnis "el lagarto" agus ciallaíonn sé sin "an laghairt". Tar éis tamaill tugadh ainmneacha cosúil le allagarta and alagarto agus alligator air i mBéarla.

Conas a fheiceann siad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-ailigéadar Meiriceánach an-trom ag 790-990 punt (360-450 kg) agus tá siad 13.1-14 tr (4.0-4.4 m) ar fad.Tá an t-ailigéadar Síneach níos lú ag 6.9 tr (2.1 m) agus níos éadroime ag 99 punt (45 kg). Tá an t-ailigéadar fosta dubh nó donn agus tá na leanaí dorcha le stríocaí bána no buí. Níl aon tréimhse saoil ar taifead ag an ailigéadar.

Baile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl na hailigéadair ach i Meiriceá agus sa t-Sín. Níl na hailigéadair Mheiriceánacha faighte ach amháin i bhFlorida, Louisiana, Georgia, Alabama, Mississippi, Carolina Thuaidh/Theas, agus giota beag in Oklahoma agus Arkansas. Tá níos mó ailigéadar i bhFlorida ná in aon ait eile ar domhan. Is maith leis na hailigéadair uisce glan nach bhfuil salann ann cosúil le riasc, sruthán, loch, agus linn. Tá na hailigéadair Shíneacha in abhainn na hIaing-tsí agus tá siad i dtrioblóid mhór, gan ach cúpla dosaen fágtha díobh sa nádúr. Tá go leor daoine ag iarraidh na hailigéadair Shíneacha a shábháil.

Conas mar atá siad?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosnaíonn an t-ailigéadar fireann a dhúiche féin. Siúlann an t-ailigéadar ar dhá bealach: "Siúl spréite" agus "Siúl Ard". Le "siúl spréíte", tarraingíonn siad a mboilg ar an talamh. Tá an "siúl ard" ceathair-chosach agus an bolg san aer. Ní féidir le ailigéadair mórán siúil a dhéanamh mar go bhfuil na hailgéadair an-trom, ach tá siad in ann a bheidh an-gasta ar feadh cúpla soicind. Nuair atá bia rómhór le n-ithe in aon alp amháin, déanann siad "rolla báis" chun píosa bia ollmhór a bhriseadh i bpíosaí beaga.

Babaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fásann na hailigéadair go dtagann siad in inmhe nuair atá siad sé troigh (1.8 m). Sa samhradh, déanann an t-ailigéadar baineann nead as plandaí a lobhann, ag cruthú teasa a theastaíonn ó na huibheacha atá ar gor. Socraíonn an teocht sa nead gnéas an ailigéadair. Má tá an teas ag 86 °F(30 °C) beidh na hailigéadair ina gcailíní. Má tá an teas ag 93 °F(34 °C) nó níos mó beidh na babaithe ina mbuachaillí.

Bia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Itheann ailigéadair go leor iasc, fia, éin, coypu, mamaigh bheaga, agus fiú béar agus pantar. Tá clocha beaga sa bholg a bhriseann síos píosaí móra bia. Ní itheann na hailigéadair daoine. Ach má thagann duine ró-ghar don ailigéadar, ionsóidh sé chun é féin a chosaint.

Ailigéadar Bán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ailigéadar bán ag Acadamh na nEolaíochtaí in San Francisco, California.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • [1] Grianghraif agus eolas faoi ailigéadair ag Cartlanna Florida. Dáta rochtana: 11 D.F. 2016.