Fia
| Cervidae | |
|---|---|
Hippocamelus bisulcus | |
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Is foinse é an tacsón seo de | antler (en) |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Artiodactyla |
| Fine | Cervidae Goldfuss, 1820 |
| Ainmníocht | |
| Bunlitriú | Cervina |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Saghas mamaigh le crúba le ré-uimhir dachtal is ea an fia. Is athchogantaigh mhóra cheathairchosacha iad na fianna. Tá fianna ina gcónaí san Eoraip, san Áise, san Afraic, i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas. Tá go leor cineálacha fianna timpeall an domhain.[1]
Ag fíorfhianna amháin a bhíonn beanna, agus faightear iad ar fud an Dornhain ach amháin san Afraic is an Astraláise. Bíonn géaráin fhada starraiceacha ag muscfhianna is fianna luiche fireanna. Faightear i gcoillearnach nó gar di iad.[2]
Tugtar poc ar an bhfireannach, eilit ar an mbaineannach, agus meannán ar an bhfía óg.[1]


In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ardú as cuimse ar an líon fianna i gCiarraí agus in áiteanna eile sa tír le linn na paindéime Covid-19 in 2020-2022 nuair a bhí cosc ar fhiach. Bíonn fianna le fáil go háirithe i bPáirc Náisiúnta Chill Airne. 10,000 heicteár atá ann ach bíonn na fianna ag fanaíocht taobh amuigh di go minic. Go deimhin, is minic iad in áit a mbuailte ag gluaisteáin agus is iomaí timpiste bóthair atá tarlaithe sa cheantar dá bharr sin.[3]
Ciondíothaíodh 392 fia i bPáirc Náisiúnta Chill Airne i gCo Chiarraí in 2025, i gcomparáid le 286 in 2024, de réir figiúirí nua ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. 276 fia Seapánach agus 116 fia rua a bhí i gceist, eilití a mbunáite, agus lámhachadh an chuid is mó díobh le linn shéasúr an fhiaigh.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fia donnbhuí nó fia buí
- Fia rua
- Fia Seapánach nó sika
- Fia uisce nó dobharfhia Síneach
- Páirc Náisiúnta Chill Airne
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ "Fianna (Gaeilge)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2014-04-04.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-12-30). "Beagnach 400 fia ciondíothaithe i gCill Airne i mbliana" (as ga-IE).