Cumann Íosa
|
|||||
Mana | Ad maiorem Dei gloriam ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Íosa Críost ![]() | ||||
Sonraí bunúsacha | |||||
Ainm gearr | S.J. ![]() | ||||
Leasainm | Gesuiti, Jesuítas agus Jesuitas ![]() | ||||
Cineál | ord crábhaidh Caitliceach eaglaiseach rialta ![]() | ||||
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1539 | ||||
Bunaitheoir(í) | Iognáid Loyola, Naomh Proinsias Xavier, Peter Faber (en) ![]() ![]() ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Urraitheoir | Noël Brûlart de Sillery (en) ![]() ![]() | ||||
Ballraíocht | 26,799 (2018) ![]() | ||||
Eagraíocht agus rialtas | |||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Adolfo Nicolás (2008–2016) Arturo Sosa Abascal (2016–) ![]() | ||||
Máthaireagraíocht | Eaglais Laidine ![]() | ||||
Le cuid | |||||
Ócáid shuntasach | |||||
Sexual abuse scandal in the Society of Jesus (en) ![]() | |||||
1773 | Suppression of the Society of Jesus (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | jesuits.global ![]() | ||||
Is ord rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí é Cumann Íosa (Laidin: Societas Iesu), agus tugtar Íosánaigh ar chomhaltaí an oird seo. Ní féidir ach le fir bheith ina nÍosánaigh. Oideachasóirí, saineolaithe, múinteoirí agus scoláirí iad de ghnáth, agus clú is cáil orthu as an obair intleachtach atá idir lámhaibh acu le soiscéal Dé a chraobhscaoileadh.[1][2]
Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá na hÍosánaigh ag obair i 112 thír i gcúig ilchríoch.
Is é an tArd-Ghinearál Arturo Abascal atá i gceannas ar Chumann Íosa ón mbliain 2016 i leith. Tá ceanncheathrú an Oird suite in Eaglais Ainm Ró-Naofa Íosa (Chiesa del Santissimo Nome di Gesù all'Argentina), nó "Eaglais Gesù" (Chiesa del Gesù), sa Róimh.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é Naomh Iognáid ó Loyola a bhunaigh Cumann Íosa sa bhliain 1534 (in éineacht le Proinsias Xavier agus Peter Faber agus fir eile). Mhóidigh seisean agus na fir eile an chuid eile dá saol a chaitheamh i mbochtaineacht agus in aontumha agus fanacht dian dílis don Phápa.
Sa bhliain 1540, fuair Foirmle Bhunaithe an Chumainn faomhadh Phól a Trí, a bhí ina Phápa san am.
Bhí páirt thábhachtach ag na hÍosánaigh san Fhrith-Reifirméisean agus, níos deireanaí, i nua-aoisiú na hEaglaise.
Sa 18ú haois rinneadh géarleanúint ar na hÍosánaigh i go leor tíortha, an Bhrasaíl (1754), an Phortaingéil (1759), an Fhrainc (1764), an Spáinn agus a coilíneachtaí (1767), agus Parma (1768). Chuir an Pápa Clemeint XIV an t-ordú faoi chois leis an bulla Dominus ac Redemptor i 1773.[3] Sa bhliain 1814 chuir an Pápa Pius VII bulla an Phápa Sollicitudo omnium ecclesiarum, ag athshlánú Chumann Íosa.[4]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Donncha Ó Céilleachair (1962). "Iognáid Loyola" (FÁS).
- ↑ "Scéal an Oilithrigh: Iognáid Loyola Ina Chuid Focal Féin - Alan Mac Eochagáin - 9781906982010". www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2022-07-31.
- ↑ Dermot Roantree (2020-07-08). "Irish Jesuits in Penal times" (en-US). Jesuits Ireland. Dáta rochtana: 2021-08-02.
- ↑ "2014—bicentenary of the restoration of the Jesuits". History Ireland (2014-09-01). Dáta rochtana: 2021-08-02.