Alfredo Stroessner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlfredo Stroessner

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Alfredo Stroessner Matiauda
Beathaisnéis
Breith3 Samhain 1912
Encarnación, Paragua Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 2006
93 bliana d'aois
Brasília, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Uachtarán Pharagua
15 Lúnasa 1954 – 3 Feabhra 1989
← Tomás Romero PereiraAndrés Rodríguez → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síMar. Francisco Solano López Military Academy (en) Aistrigh
Escola de Aperfeiçoamento de Oficiais (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1929 –  1989
Ball de pháirtí polaitíochtaColorado Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidErnesto Geisel
TeangachaAn Spáinnis
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm Pharagua
Céim mhíleataarmy general (en) Aistrigh
divisional general (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh Chaco, February Revolution (en) Aistrigh, Paraguayan Civil War of 1947 (en) Aistrigh, 1954 Paraguayan coup d'etat (en) Aistrigh, United States occupation of the Dominican Republic (en) Aistrigh agus 1989 Paraguayan coup d'etat (en) Aistrigh
Teaghlach
CéileLigia Stroessner Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGustavo Stroessner Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 15405951 Cuir in eagar ar Wikidata

Oifigeach airm agus deachtóir Phoblacht Pharagua ba ea Alfredo Stroessner. Rugadh é ar an 3 Samhain 1912 agus d'éag sé sa Bhreasaíl ar an 15 Lúnasa 2006. Mac le hinimirceach Gearmánach i bParagua a bhí ann.

Saighdiúireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1929 a chuaigh sé sna saighdiúirí. Chuaigh a thír chun cogaidh leis an mBolaiv agus tugadh ardú céime do Stroessner mar gheall ar a ghaisce le linn an chogaidh, is é sin, Cogadh Chaco 1932-1935. Faoin mbliain 1947, nuair a bhris cogadh cathartha amach, bhí Stroessner ina leifteanant-choirnéal, agus thug sé a thacaíocht don réimeas a bhí i gceannas ag an am. Bhí rialtas an-lag sa tír ar feadh na mblianta a bhí ag brath ar thacaíocht an airm.

Sa bhliain 1950 chuidigh Stroessner leis an Dr Federico Chavez teacht i gcumhacht mar uachtarán. Mar luach saothair cuireadh i gceannas ar an arm é.

Deachtóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eagraigh Stroessner éirí amach fuilteach in aghaidh Chavez sa bhliain 1954 agus rinne sé uachtarán de féin i mí Bealtaine 1954. Bhí bliain agus dhá scór slánaithe aige, nuair a bhain sé an chumhacht de Chaves sa bhliain 1954. Chuir sé bun leis an dara deachtóireacht is fadsaolaí i stair Mheiriceá Theas, nó bhí sé ag rialú Pharagua go dtí an bhliain 1989.

Chuaigh Stroessner i gceannas ar an bpríomhpháirtí polaitiúil, na Colorados nó na Dearga, agus ruaig sé na ceannairí eile as an tír.

Chuir Stroessner staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír. Ba é an leagan oifigiúil den scéal go raibh an daonlathas ann i gcónaí, ach amháin go raibh na cearta sibhialta curtha ar fionraí.

Le linn do Stroessner a bheith in oifig, cuireadh dreamanna éagsúla mionlaigh faoi chois (mar shampla, muintir Chambacuá)[1]. Cuireadh pobail dúchais óna dtailte sinsir agus rinneadh na mílte a chéasadh is a chur i gcarcair.

Chuireadh Stroessner cumannachas i leith gach duine a bhí ina éadan. Bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá breá sásta tacú leis ar dtús. Deachtóireacht bhrúidiúil a chleacht sé a bhí beo ar an smuigléireacht.

Cé go raibh toghcháin ann, níor cheadaigh Stroessner aon fhreasúra. Atoghadh é ocht n-uaire mar uachtarán Pharagua.

Chuirtí an éigeandáil ar ceal ar na laethanta toghchán le craiceann na hinchreidteachta a choinneáil ar an bhficsean seo. Thairis sin, bhí dhá pháirtí eile seachas na Colorados ar an bparlaimint, ach má bhí féin, bhí an bunreacht cóirithe lena chinntiú nach bhfaigheadh ach na Colorados tromlach na suíochán. Bhí an dá pháirtí freasúra sásta comhoibriú leis na Colorados an chuid ba mhó den am, nó ní chuirfeadh Stroessner suas le haon fhíor-fhreasúra. Bhí géarleanúint chruálach á déanamh ar na heasaontóirí polaitiúla, agus d'imigh cuid mhór acu as an tír le teacht slán ó lámh thapaidh na bpóilíní rúnda.

Asociación Nacional Republicana Partido Colorado

Ó thaobh na heacnamaíochta de, bhí an saol ag éirí cuíosach maith le Paragua, buíochas leis an smuigléireacht a bhí ina slí bheatha ag an tír go léir. D'fhéadfá gach sórt a cheannach i bParagua saor ó cháin, ó chustam agus ó dhleacht, agus muintir na hAirgintíne ag tonnadh isteach, abair, le gléasra leictreonaice a cheannach ar sladmhargadh.

Lena cheart a thabhairt dó, ní raibh an deachtóir ag diomailt an státchíste, nó b'fhearr

Bratach, Colorado

leis bóithre a ghearradh agus scéimeanna fónta tógála eile a chur i gcrích. Mar sin, bhí cuid mhór de mhuintir Pharagua báúil leis, i ndiaidh an iomláin.

Sna hochtóidí, tháinig meath ar an Aontas Sóivéadach agus ar an mbagairt Chumannach a bhí mar shiocair ag Stroessner leis an éigeandáil a choinneáil i bhfeidhm. Mar sin, tháinig fórsaí an fhreasúra le chéile, agus páirtí na gColorados féin ag dul chun cearmansaíochta ar an deachtóir.Ní raibh an rialtas in ann ach an freasúra a ionsaí agus a smachtú le lámh láidir, cleas nach raibh ag obair go rómhaith a thuilleadh.

I mí Feabhra, 1987, d'ionsaigh na póilíní cruinniú freasúra le deorghás, gan aird a thabhairt air go raibh ambasadóir na Stát Aontaithe i láthair. Tharraing an eachtra seo na seantithe anuas ar Stroessner, nó d'iompaigh rialtas na Stát Aontaithe ina choinne, agus bagraíodh baghcat ar an tír.

Turnamh [cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh an toghcháin dheireanaigh inar vótáladh Stroessner isteach, chinn na fórsaí armtha agus na Colorados an deachtóir a chur as oifig faoi dheoidh. Faoi dheireadh, ar an 3 Feabhra 1989, chuir duine dá ghinearáil féin, Andrés Rodríguez, a bhí pósta lena iníon, an ruaig air. Chuir Rodríguez deireadh le tréimhse Stroessner le lámh láidir.

Dhíbir sé an deachtóir go dtí an Bhrasaíl, agus chóirigh Rodríguez toghcháin nua Uachtaránachta faoi dheifir. De réir a chéile tugadh an daonlathas ar ais sa tír.

Chaith Stroessner agus a theaghlach an chuid eile dá saol sa Bhreasaíl. Bhain sé slat a bhuail é féin. Ba é a chuid sotail fód a aimhleasa.

Tholg sé niúmóine tar éis dó dul faoi scian dochtúra i mBrasília, agus shíothlaigh sé ar an 15 Lúnasa 2006.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. beo,ie (10/2009). "Pobal Afra-Pharaguach Chambacuá". Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2018.