Juan Manuel de Rosas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJuan Manuel de Rosas

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Márta 1793
Buenos Aires (Impireacht na Spáinne)
Bás14 Márta 1877
83 bliana d'aois
Southampton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Recoleta Cuir in eagar ar Wikidata
17 Gobharnóir Chúige Buenos Aires
7 Márta 1835 – 3 Feabhra 1852
← Manuel Vicente MazaVicente López y Planes →
13 Gobharnóir Chúige Buenos Aires
6 Nollaig 1829 – 5 Nollaig 1832
← Juan José ViamonteJuan Ramón Balcarce → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPartido Federal Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta
saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogaidh Chathartha na hAirgintíne
Teaghlach
CéileEncarnación Ezcurra Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteManuela Rosas Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínAgustina Ortiz de Rozas
Síniú

Find a Grave: 175478343 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir coimeádach Airgintíneach a rialaigh cúige Buenos Aires ó 1829 go 1852 ab ea Juan Manuel de Rosas (Juan Manuel José Domingo Ortiz de Rozas y López de Osornio, 30 Márta, 1793 - 14 Márta, 1877). Bhí cáil air as an tír a aontú, rialtas éifeachtúil a chur ar fáil, agus an eacnamaíocht a neartú.

Ba mhac é le León Ortiz de Rosas y de la Cuadra agus Agustina Teresa López de Osornio. Bhain sé le ceann de na teaghlaigh ba shaibhre a bhí i réigiún Rio de la Plata, ach d’fhág sé an baile agus é ina stócach agus chuaigh ag obair sna cuibhrinn lena ghaolta. Sula raibh 20 bliain slánaithe aige phós sé María de la Encarnación de Ezcurra y Arguibel, a bhí cúpla bliain níos óige ná é ar an 16 Márta 1813, agus rugadh iníon amháin dóibh, Manuela Robustiana de Rosas y Ezcurra, i mí Bhealtaine 1817 i mBuenos Aires. Bhunaigh Rosas monarcha sailleadh feola nuair a bhí sé 22 bliain d’aois agus bhí rath ar an ngnó láithreach. Bhí ag éirí chomh maith sin leis gur chuir na rainséirí ina choinne agus gur cumadh dlíthe chun a mhonarcha a dhúnadh.

Juan Manuel de Rosas

Cheannaigh Rosas gabháltas mór talún ansin agus bhí ina rainséir é féin. In ionad dul i ngleic leis na gauchos mheall sé chuige iad agus bhí meas agus ómós acu dó. Nuair a bhris cogadh cathartha amach sa bhliain 1820, d’eagraigh Rosas reisimin gaucho agus bhain sé clú agus cáil amach ar son a chuid iarrachtaí chun síocháin agus ord a bhaint amach.

Nuair a mharaigh arm Lavalle Manuel Dorrego, a bhí i gceannas an rialtais i mBuenos Aires, toghadh Rosas mar ghobharnóir ina áit sa bhliain 1829. D’éirigh go maith lena chéad téarma ach dhiúltaigh sé seasamh arís cé go raibh an-tacaíocht aige ón phobal. Bhí Rosas i gcumhacht ó am go ham ina dhiaidh sin agus é ina cheannaire láidir i gcónaí.

Nuair nach raibh sé i gcumhacht (1832-1835) bhí Rosas i mbun feachtais mhíleata i gcoinne bundúchasaigh na tíre i ndeisceart na hAirgintíne.

Sa bhliain 1835 ofráladh “la suma del poder” do Rosas, rud a thug lánchumhacht gan mhaoirseacht dó agus ba ansin a thosaigh a réim mar dheachtóir.

Cuireadh míliste darbh ainm an Mazorca ar bun chun imeaglú a dhéanamh ar lucht freasúra agus fiú iad a mharú. Mar cheannaire, chuir Rosas é féin in iúl mar ionadaí an phobail, fear a raibh dlúthbhaint aige leis na gaucho agus le sliocht na hAfraice san Airgintín. D’éirigh leis an tír a aontú le linn a réime mar gheall air seo. Thug Rosas cuireadh do na hÍosánaigh filleadh ar an tír fosta agus thug siadsan lántacaíocht dó dá bharr sin. Rosistas a thug a lucht leanúna orthu féin. Mar chomhartha den ollchumhacht a bhí aige, cuireadh portráid de Rosas ar taispeáint i ngach eaglais agus ionad poiblí sa tír. Mhaígh Rosas gur Feidearálaí a bhí ann ach i ndáiríre choinnigh sé a chumhacht go lárnach agus ba thíoránach é. Tharla an-chuid foréigin lena linn, mharaigh sé aon duine a sheas ina choinne nó nár thug tacaíocht dó.

D’éag a bhean Encarnación ar an 20 Deireadh Fómhair, 1828.

Bunaíodh an Asociacion de Mayo – Cumann na Bealtaine — chun cur i gcoinne an deachtóra. Grúpa scríbhneoirí a bhí ann a chuaigh leis an bpolaitíocht mar gheall ar ghníomhartha Rosas.

Faoi dheireadh thiontaigh go leor dá lucht tacaíochta féin i gcoinne Rosas. D’eagraigh an Ginearál Urquiza, gobharnóir Cúige Entre Ríos, arm ina choinne. Chuidigh an Bhrasaíl agus Uragua leis an éirí amach. Cuireadh deireadh le réimeas Rosas nuair a chaill sé Cath Caseros ar an 5 Feabhra, 1852.

Chaith Rosa deireadh a shaoil ar imirce i Sasana, mar fheirmeoir i Southampton. Cuireadh ansin ar dtús é ach tugadh a chorp ar ais chun na hAirgintíne i 1989 agus cuireadh arís é i reilig La Recoleta.