Gaucho

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaucho i bPeiriú sa bhliain 1868

Focal Spáinnise é gaucho a thagraíonn do bhuachaillí bó na machairí móra féir i Meiriceá Theas. Gaúcho an leagan Portaingéilise. Síltear gurb as an gCeatsuais nó as an teanga Mapudungu a tháinig an focal ó thús, áfach. Le saol na naoú haoise déag, seachas le saol an lae inniu, a shamhlaítear an focal agus an coincheap anois. Sa 19ú haois, ba gauchos iad formhór mór mhuintir na tuaithe sna réigiúin sin. Síneann tír na ngauchos ón bPatagóin i ndeisceart na hAirgintíne go hUragua agus go Rio Grande do Sul sa Bhrasaíl.

Tá íomhá rómánsúil an ghaucho coitianta i gcultúr na hAirgintíne agus Uragua. Scríobh file náisiúnta na hAirgintíne, José Hernández, a dhán mór eipiciúil Martín Fierro faoi eachtraí an ghaucho a sheasann do mheon agus do chultúr thraidisiúnta na tuaithe, in aghaidh Eorpachas na gcathrach. Martín Fierro is ainm do laoch na heipice.

Is é an cineál duine atá ann, de réir an steiréitíopa, ná fear ciúin cneasta ar dual dó troid a chur suas má sháraítear a onóir. Tugtar facón ar an scian mhór a bhíonn sé a iompar leis, scian a úsáideann sé le bia a ghearradh dó agus le troid a chur, agus de ghnáth, ní bhíonn uirlisí eile de dhíth air lena chuid a ithe. Ar ndóigh, is fear mór marcaíochta é an gaucho, agus é an-doirte dá chapall. Go stairiúil, ba nós le stáit an réigiúin a gcuid marcshlua a earcú as measc na ngauchos, agus bhí na caudillos agus na boic mhóra áitiúla i dtuilleamaí sluaite armtha príobháideacha de ghauchos lena gcumhacht a choinneáil.

Cuid d'fheisteas an ghaucho é an painseó (poncho): an t-éadach a chuirtear ar na guaillí, ach is féidir é a úsáid ar an diallait freisin, nó mar sciath chosanta ar ghaotha na bpampas nuair atá tú ag déanamh do chodlata. Caitheann an gaucho treabhsar leathan a dtugtar bombachos air. Ar ndóigh, na gauchos atá fágtha ar an bhfód inniu, is minic a chaitheann siad trealamh nua-aimseartha a cheannaigh siad sa siopa, cosúil le buataisí rubair. Níor de dhéantús na hAirgintíne iomlán an trealaimh thraidisiúnta féin, áfach. Bhí na hAirgintínigh ag trádáil leis na Sasanaigh go mór mór sa naoú haois déag, agus is éard a bhí i gceist leis na bombachos go minic ná treabhsair leathana Thurcacha a cheannaigh na hAirgintínigh ó na Sasanaigh.

Nuair a bhíodh na gauchos amuigh ar patról, bhídís beo ar mhairteoil agus ar yerba mate - is é sin, an deoch atá cosúil le tae agus a óltar go coitianta sna tíortha seo. Is féidir nósanna simplí itheacháin na ngauchos a aithint ar chócaireacht náisiúnta na hAirgintíne inniu féin.