Jump to content

An Phatagóin

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Phatagóin
Íomhá
CineálÁit lonnaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnMeiriceá Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinan Airgintín, An Airgintín, an tSile, An tSile agus luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMeiriceá Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata Map
 41° 48′ 37″ S, 68° 54′ 23″ O / 41.81015°S,68.90627°W / -41.81015; -68.90627
Tréithe
Trasnaíonnan Airgintín, an tSile agus luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata

Ceantar tíreolaíoch i Meiriceá Theas is ea an Phatagóin a shíneann ón tSíle ar fud na nAindéis agus tríd an Airgintín freisin.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar thaobh na Síle de na hAindéis Phatagónacha, leathnaíonn sí ó dheas de dhomhanleithead 42° Theas, agus áirítear léi an chuid theas de roinn pholaitiúil Los Lagos agus ceantracha Aysén agus Magallanes (seachas an chuid sin den Antartach atá á éileamh ag an tSile). Ar thaobh na hAirgintíne de na hAindéis Phatagónacha, leathnaíonn sí ó dheas de na haibhneacha Neuquén agus Río Colorado, lena n-áirítear na stáit Neuquén, Río Negro, Subut, Santa Cruz, an Tír Fhuar agus an chuid theas de Chúige Buenos Aires. Díorthaítear "Patagóin" ó na Patagones, an t-ainm a bhí ar na chéad daoine a shroich an áit na mílte bliain ó shin.

San Airgintín, roinntear an Phatagóin i gceithre cúigí:

  1. Neuquén: 94,078 km ², idir na haibhneacha Limay agus Nequen, a leathnaíonn ó dheas feadh an chladaigh thuaidh go Loch Nahuel-Huapi, agus beagán ó thuaidh chun na habhann Colorado.
  2. Río Negro: 203,013 km ² idir an Atlantach agus na hAindéis, idir Nequen agus domhanleithead 42 ° Theas.
  3. Subut: 224,686 km ², idir 42 ° agus 46 ° Theas.
  4. Santa Cruz: 243,943 km ², ar an teorainn idir Chubut agus an tSile.

Idir 1865 agus 1912, tháinig daoine ón mBreatain Bheag chun lonnaithe sa Phatagóin. "Y Wladfa" ("An Choilíneacht") a thugtar ar an togra sin.[1] Tá roinnt cainteoirí Breatnaise fós i gcúige Subut sa lá atá inniu ann. Déantar iarrachtaí leis an mBreatnais a choinneáil beo san áit.

  1. "Wales & Argentina". Wales.com (28 Deireadh Fómhair 2011). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Deireadh Fómhair 2012. Dáta rochtana: 20 Nollaig 2012.