Y Wladfa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is é Y Wladfa (An Bhreatnais: [ə ˈwladva] "An Choilíneacht") an t-ainm atá ar na coilíneachtaí Breathnacha san Airgintín. Thosaigh na lonnaithe ón mbliain 1865, agus tá siad le fáil ar chósta Chubut sa Phatagóin go formhór. Meastar go bhfuil idir 1,500 agus 5,000 duine inniúil ar Bhreathnais a labhairt san áit.[1][2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosú na coilíneachta (1865)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an smaoineamh chun coilíneacht Bhreathnach a chruthú ar dtús ag Michael D. Jones, fear mór an náisiúnachais Bhreathnach. Bhí sé chun stát a chruthú ina bhfuil an Bhreathnais aige mar teanga an phobail. Thug sé fé deara agus é ag fanacht in Aimeirice gurbh minic a dhein na Breathnaigh dearúd ar a dteanga chun an Bhéarla a úsáid ina h-áit. Chuir sé seo isteach go mór ar Michael D. Jones, agus thosaigh sé ag smaoineamh ar Stát Breathnach chun an Bhreathnais a úsáid, mar bhí sí i mbaol sa mBreatain Bheag.

Michael D. Jones (1822–98)

Bhunadh Porth Madryn agus Rawson sa mblian 1865.

Coilíniú (1866-1885)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí córas uisciúcháin déanta ag na Breathnaigh go tapaidh agus bhí fómhair thorthúla acu. Cuirtear stop ar scoiteacht na gcoilíneachtaí le teacht an iarnróid.

Bunaíodh Gaiman (1874) agus Trelew (1886) san am so.

Trasna na hAindéis (1885-1902)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Os rúd go raibh daoine ina gcónaí sa tír ó dheas ag gleann Chubut cheana fhéin, chuaigh na Breathnaigh trasna na hAindéis chun Esquel agus Trefelín a bhunadh. Bhí 4,000 Breathnach ina gcónaí san Airgintín ag deireadh 19ú h-aois.

Fadhbanna in Chubut (1899-1915)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 1880 agus 1899 tháinig tuilte in Rawson agus bailte eile. Thosaigh an rialtas coinscríobh na gcoilínithe leis, agus mar sin chuaigh thimpeall 500 duine go dtí Saskatchewan sa Cheanada.

Na 60í[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thógadh damba trasna an Chubut sa mbliain 1963 chun na tuilte a stopadh sa ngleann.

Sa mbliain 1965 bhí comóradh céad bliain acu sa Wladfa. Bhí daoine as an mBreatain Bheag ansan chun caidreamh maith a thógáil eatarthu.

21ú h-Aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thá sinsearacht Bhreathnach ag 50,000 duine in Chubut (10% den daonra).[3]

Thá carn áiteanna sa cheantar ina labhraítear an Bhreathnais, mar shampla an t-aifreanncaifé.

Ón mbliain 2005 amach taispeántar dragan dearg na Breataine Bige ar bhratach Porth Madryn.

Cheiliúradh comóradh 150 bliain na coilíneachta san áit sa mbliain 2015. Bhí Céad-Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones, i láthair ann.

Ainmneacha Breathnacha san Airgintín[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Spáinnis An Bhreatnais Gaeilge
Argentina Yr Ariannin An Airgintín
La Angostura Lle Cul Áit Chaol
Arroyo Pescado Nant y Pysgod Sruthán an Éisc
Colonia 16 de Octubre Cwm Hyfryd/Cwm Hydref Gleann Álainn/Gleann Dheireadh Fómhair
Fuerte Aventura Caer Antur Dún Amhantair
Paso de Indios Rhyd yr Indiaid Áth na nIndiach
Las Plumas Dôl y Plu Cluain na gCleiteog
Puerto Madryn Porth Madryn Port Madryn
Rawson Trerawson Baile Rawson
Río Chubut Afon Camwy Abhainn Cham
Valle de los Mártires Dyffryn y Merthyron Gleann na Mairtíreach
Valle Frío Dyffryn Oer Gleann Fuar

Amhrán Náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focail Gwlad Newydd y Cymry

Is é Gwlad Newydd y Cymry le Lewis Evans an t-amhrán náisiúnta. Ciallaíonn sé "Tír Nua na mBreatnach" agus tá sé bunaithe ar thiúin Hen Wlad Fy Nhadau (SeanThír m'Aithreacha), amhrán náisiúnta na Breataine Bige.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Wales.com - Wales & Argentina". web.archive.org (2012-10-16). Dáta rochtana: 2020-08-07.
  2. "The Argentines who speak Welsh" (en-GB). BBC News (2014-10-16). Dáta rochtana: 2020-08-07.
  3. Darren Devine (2013-03-30). "Patagonia's Welsh settlement was 'cultural colonialism' says academic". walesonline. Dáta rochtana: 2020-08-07.