Damba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Damba
Íomhá
Úsáidflood defense (en) Aistrigh, fuinneamh agus cumhacht hidrileictreach, Uisciú, fíoruisce, dobharshaothrú, navigability (en) Aistrigh, outdoor recreation (en) Aistrigh agus taiscumar
Le cuiddoirtbhealach
Q124838945 Aistrigh
Damba Ard na Croise, An Clár

Bac is ea damba, déanta as clocha, cré, coincréit, chun srian a choimeád ar uisce. De ghnáth déanann sé gnó eile freisin, mar shampla, cumhacht do ghineadóir hidrileictreach, uisciú, tuilte a smachtú.

Más damba carraigeacha is cré é, ní mór an dromchla in aghaidh an tsrutha a dhéanamh díonach ar uisce.

Damba Poll an Phúca, Cill Mhantáin

Cineálacha éagsúla dambaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le damba coincréite a bheith ina dhamba domhantarraingthe (seasann brú an uisce lena mheáchan amháin) nó ina dhamba aonstuach nó ilstuach.

  • Aonstuach. Cuirtear damba aonstuach i gcainneon caol le ballaí carraigeacha, agus seasann na ballaí seo an brú ar aghaidh srutha an damba.
  • Ilstuach. I ndamba ilstuach, úsáidtear tacaí taobh thiar de chun an brú ollmhór a sheasamh. Sa tSín a bhí na dambaí is seanda atá ar an taifead, ón 6ú haois RC.
Damba Inis Cara, Corcaigh

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tubaistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Polladh an damba Mohne, An Ghearmáin ar an 17 Bealtaine 1943
  • Ar an 12 Márta 1928, theip ar Dhamba San Proinsiais lastuaidh de Los Angeles i gCalifornia. Fuair 600 duine bás dá bharr.
  • Rinneadh bearna sa damba Mohne, sa Ghearmáin ar an 17 Bealtaine 1943 (obráid "Chastise"[1] sa Dara Cogadh Domhanda).
  • Rinneadh bearna sa damba Banqiao sa Chúige Henan ar an 7/8 Lúnasa, an teip dhamba ba mhó ariamh i stair an domhain,[2] agus polladh dambaí eile sa tSín ag an am céanna. Fuair tuairim is 26,000 duine bás go díreach sna tuilte féin, an figiúr oifigiúil ach seans i bhfad níos mó. D'éag b'fhéidir 100,000 nó 200,000 sa ghorta agus galair a tháinig ina dhiaidh.[3][4]
    Buama
    Eitleán Lancaster, an "Dambuster"

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://en.wikipedia.org/wiki/Operation_Chastise
  2. "1975 Banqiao Dam failure" (as en) (2022-08-07). Wikipedia. 
  3. Hussey, Matt (2011). "Damba". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 198.
  4. "The 16 deadliest storms of the last century". Business Insider. Dáta rochtana: 2022-08-08.