Damba na dTrí Mhám

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An damba i 2009.

Moladh é den chead uair i 1919, ach níor críochnaíodh go dtí 2006 é, an damba is mó ar Domhan, ar abhainn Iaing-Tsí ag áit darb ainm na Trí Mhám i lár na Síne. Rinneadh loch timpeall 500 km ar fhad agus asáitíodh 1.2 milliún duine sa scéim, a sholáthróidh níos mó ná 8 n-oiread na cumhachta leictrí a sholáthraíonn córas iomlán na soláthróirí leictreachais in Éirinn, 3 oiread níos mó ná damba iomráiteach an Grand Coulee sna Stáit Aontaithe. Maireann beagnach 8% de dhaonra an Domhain i ngleann Iaing-Tsí, agus chomh maith le soláthar leictreachais tá sé i gceist go gcabhróidh an damba ollmhór leis na tuilte millteanacha a tharlaíonn go tréimhsiúil sa ghleann céanna a chosc nó a choimeád faoi smacht. An-chuid ceisteanna comhshaoil ag baint leis an scéim seo, maille le húafás asáitiú an oiread sin daoine. Clúdaíonn an damba cuid de na Trí Mhám, a bhí fíorálainn agus ina ndlúthchuid d'fhinscéalta na Síne le 3,000 bliain. Iompraíonn abhainn Iaing-Tsí os cionn 500 milliún tonna de dhríodar gach bliain. Seans maith go líonfar an loch ar thaobh uachtarach an damba go tapa le glár, ionas nach mbeidh sé inseolta agus nach mbeidh an oiread céanna cumhachta hidrileictrí le fáil uaidh thar na blianta.