Loc canála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Loc canála
Íomhá
Cuid decanáil
Úsáiddul suas agus dul síos
Geata
Comhla
Gníomhaíocht
Oibreoircoimeádaí loic

Bealach chun airde an uisce a athrú i gcanáil (nó loch fiú) is ea loc canála, chun ligean di dul thar chnoic, agus do bháid dul thar bráid.

I loc réimse, bíonn seomra is féidir a fholmhú nó a líonadh trí chomhlaí a oscailt nó a dhúnadh sna geataí ar an taobh íochtarach nó uachtarach mar is cuí, chun an leibhéal a dhéanamh cothrom leis an leibhéal íseal nó ard.

De ghnáth, bíonn an geata íseal dúbailte agus dírithe in aghaidh an tsrutha chun go mbrúnn an t-uisce dhá thaobh an gheata le chéile. Is féidir gur geata singil an ceann uachtarach i loc beag, ach dúbailte i loic mhóra.

Sna canálacha in Éirinn tógann na loic báid timpeall 21 m ar fhad is 2.1 m ar leithead. I gCanáil Phanama, áfach, tógann na loic soithigh an-mhóra mhórfharraige.[1]

loc canála, Damba na dTrí Mhám

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Loc canála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 415.