Canáil Phanama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Canáil Phanama
Íomhá
Sonraí
CineálCanáil loinge
Cuid deSeacht nIontas Shaol an Lae Inniu
Dáta na hoscailte oifigiúla15 Lúnasa 1914 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Tomhas82 (fad) km
Airde os cionn na farraige26 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPanamá Province, Panama (en) Aistrigh, Panamá Oeste Province, Panama (en) Aistrigh agus Colón Province, Panama (en) Aistrigh
Map
 9°05′N 79°41′W / 9.08°N 79.68°W / 9.08; -79.68
Le cuidPanama Canal locks (en) Aistrigh

Canáil a ghearrann trasna Panama, ag ceangal an Aigéin Atlantaigh leis an Aigéan Ciúin, is ea Canáil Phanama, Tá sí 77 km (48 míle) ar fhad. Thóg Cór Innealtóirí na Stát Aontaithe í i 1904- 14.[1]

Dúshlán ollmhór a bhí ann ag an am agus tá sé go fóill ar cheann de na tionscadail innealtóireachta is mó riamh.[2]

léarscáil[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Canáil Phanama, Gatun Locks
Gatun Locks

Roimh an 20ú haois, bhíodh ar na longa taisteal timpeall Mheiriceá Theas. Chun turas ar muir a dhéanamh ó Nua-Eabhrac go California, bhí ar dhaoine taisteal ó dheas ó Nua-Eabhrac san Aigéan Atlantach, chomh fada le Rinn an Choirn (an rinn is faide ó dheas i Meiriceá Theas), agus ansin ó thuaidh ar an taobh eile san Aigéan Chiúin. Ní hamháin go raibh an turas sin an-fhada (23,700 ciliméadar), ach bhí sé rídhainséarach freisin.

1881-1893[cuir in eagar | athraigh foinse]

físeán imeacht ama

Rinne na Francaigh iarracht canáil a thógáil sa naoú haois déag. Thosaigh an Fhrainc ar chanáil a thógáil sa bhliain 1881. Chaith siad roinnt blianta ag obair uirthi go dtí nach raibh airgead ar bith fágtha don tionscadal agus bhí orthu éirí as. Bhí sin olc go leor, ach fuair thart ar 22,000 oibritheoir bás le linn an ama sin, maraithe ag galair agus sciorrtha talún, gan rud ar bith mar thoradh ar a gcuid oibre. ach d'éirigh siad as sa bhliain 1893.[2]

Méadaíodh an Chanáil sa bhliain 2017[3] ː físeán imeacht ama

1904-1914[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá ar aicearra a thógáil sa bhliain 1904. agus d'éirigh le Cór Innealtóirí na Stát Aontaithe an chanáil a thógáil le linn 1904-1914.

Bhí ar na Meiriceánaigh píosa talaimh a bhí thart ar 80 ciliméadar ar fad a thochailt chun an chanáil a dhéanamh. Cuireadh tús leis an obair ar 4 Bealtaine 1904.[4]

Osclaíodh an chanáil den chéad uair sa bhliain 1914. Rinne sé difríocht mhór do na longa, mar bhí an turas 13,000 ciliméadar níos giorra agus, mar sin de, bhí sé i bhfad níos tapúla agus níos sábháilte chomh maith.[2]

Ní raibh sé éasca ar chor ar bith an chanáil a thógáil. Maraíodh 5,600 duine i rith 1904-1914.

1979[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1979 thug na Stáit Aontaithe an crios tíre ar an dá thaobh den chanáil ar ais do Phanama, agus an chanáil féin i 2000.

2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Méadaíodh an Chanáil sa bhliain 2017.[3]

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cinnte gur éacht a bhí i dtógáil Chanáil Phanama. Baineann an Chanáil seachtainí den turas fada farraige timpeall Rinn an Choirn, áit a ndeachaigh na céadta long go tóin poill blianta fada ó shin.

Sna canálacha in Éirinn tógann na loic báid timpeall 2 1 rn ar thad is 2 . 1 rn ar leithead. I gCanáil Phanama, áfach, tógann na loic soithigh an-mhóra mhórtharraige.[1]

Anois ní ghlacann sé ach thart ar 10 n-uair an chloig taisteal tríd an gcanáil agus cosnaíonn sé suas le £300,000 (sa bhliain 2014,) do na longa móra. Úsáideann idir 13,000 agus 14,000 bád agus long an chanáil gach bliain.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 cogg.ie. "Taisce Tuisceanna / Canáil Phanama". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-05-04. Dáta rochtana: 2023.
  3. 3.0 3.1 usembassy.gov (2018). "THE EXPANDED PANAMA CANAL". Dáta rochtana: 2023.
  4. "This Happened — May 4: U.S. construction of Panama Canalbegins" (as en) .