Uisciú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur uisce le hithir is barra ar bhealach saorga, a rinneadh den chéad uair sa tSín i 560 RC. Tógtar an t-uisce chuige amach as loch, abhainn, sruthán nó tobar. I réigiúin fhásúla is féidir gach riachtanas fliuchrais a sholáthar d'fhás na bplandaí trí uisciú, agus an t-uisce tugtha chuig na goirt trí líonra canálacha is cainéal. In áiteanna eile, úsáidtear uisciú chun fás barréifeachtach a fháil is torthaí den chéad scoth a tháirgeadh, sa ghairneoireacht go háirithe. I réigiúin thirime soláthraítear an t-uisce trí bhá nó cainéil idir na línte. Bealaí eile chun an t-uisce a dháileadh is ea gunnaí báistí, croiteoirí, agus píobáin silte ar leith do gach planda nó crann ar leith. Is féidir an modh uiscithe deireanach seo, atá an-chostasach, a úsáid chun cothuithe is ceimiceáin eile a sholáthar maraon leis an uisce do na plandaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uisciú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.