Cainéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaCainéal
Bunús
Dáta cruthaithe2000 "RCh"
Gastranómachaiscócaireacht na Tuirce agus Catalan cuisine (en) Aistrigh
TáirgeoirCanelita
Sonraí
Cineálspíosra
Príomh-chomhábhairrúsc

Is crann beag síorghlas é cainéal (Cinnamomum verum), arbh as Srí Lanca é ó dhúchas. Déantar spíosra de choirt an chrainn. Glaoitear cainéal ar seo freisin.

An crann féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá crainn cainéal 10-15 meadar ar airde. Tá cruth uibheach ar na duilleoga, 7–18 cm ar fhad. Tá na bláthanna eagraithe i bpanacal, tá dath glas orthu agus tá boladh faoi leith orthu. Tá caor beag corcra mar thoradh ar an gcrann. Bíonn síol amháin sa chaor.

Conas mar a bhaintear feidhm as[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é cainéal ceann de na spíosraí is mó a bhaineann daoine taitneamh as. Tá éileamh ollmhór air ar fad an domhain. Tá blas milis air agus dá bharr cuirtear ar bhia milis é de ghnáth. Critheann daoine cainéal ar bharr caife, ar chístí, ar bhreachtán, uachtar reoite agus ar a lán milseoga eile. Mar aon le sin, is maith le daoine é a mheascadh le sú úill te agus é a ól um Nollaig nó sa gheimhreadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]