Císte
![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | torta (en) ![]() ![]() ![]() |
Príomh-chomhábhair | siúcra, plúr, bainne agus ubh |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/04/Pound_layer_cake.jpg/260px-Pound_layer_cake.jpg)
Is bia déanta de taos milis a fhuintear é císte. Déantar plúr, uibheacha, siúcra agus comhábhair eile a mheascadh le chéile chun císte a dhéanamh. Cuirtear an taos i mias nó soitheach eile agus cuirtear in oigheann é chun é a fhuineadh. Athraítear cumadh agus uigeacht an bhia fad is atá sé san oigheann.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/58/HK_Food_Egg-Cake_%E9%9B%9E%E8%9B%8B%E7%B3%95.jpg/220px-HK_Food_Egg-Cake_%E9%9B%9E%E8%9B%8B%E7%B3%95.jpg)
Maisítear an císte le rudaí éagsúla ar nós uachtar buailte, subh, siúcra, seacláid, torthaí, milseáin, cnónna agus ábhair eile nach iad.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Itear cístí de ghnáth mar mhilseog nó mar scroid fad is atá tae, caife nó sú á ól. Gearrtar an císte agus tugtar míreanna de do dhaoine le n-ithe.
Itear iad chun imeachtaí a cheiliúradh ar nós laethanta breithe, bainis nó chun lá áirithe a chomóradh. Go minic scríobhtar teachtaireacht ar an gcíste do dhuine áirithe.
Más ceiliúradh áirithe é, cuirtear coinnle ar lasadh ar mhullach an chíste agus tugtar cuireadh do dhuine faoi leith iad a mhúchadh le séid mhór.