Seacláid
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | Méisimheiriceá |
Dáta cruthaithe | 1750 "RCh" |
Cuid de | cioccolato di Modica |
Foinse | crann cacó |
Sonraí | |
Cineál | bia-ábhar spreagthach, comhábhar bia, blastán, bia feidhmiúil, sólas agus milseán |
Príomh-chomhábhair | siúcra agus pónaire chócó |
Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Tugann daoine bosca seacláidí mar bhronntanas go minic.
Ábhar bia a fhaightear ón síol cócó, a shaothraítear den chuid is mó in iarthar na hAfraice.
Monarú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as síolta an chrainn cócó (Theobroma cacao) a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar "seacláid", agus bia le blas gangaideach láidir (nach bhfuil milis). Tá dhá pháirt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseacláid.
Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra seacláide nó ina ndeochanna (seacláid the). Táirgtear seacláid bainne trí chócó, meilte go mín, a mheascadh le him cócó, siúcra is bainne triomaithe.
Bíonn a lán saille in im cócó (30%), agus meascán próitéine (25%), is carbaihiodráite (45%) a bhíonn i bpúdar cócó. Cuimsíonn seacláid inólta meascán púdar cócó, siúcra is púdar bainne thriomaithe.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad na Máighigh a chruthaigh an deoch seacláid the tuairim is 2000 bliain ó shin. Bhí an-tóir air i measc na n-Astacach. Tar éis theacht na Spáinneach, scaip sí ó Mheicsiceo go dtí an Eoraip, agus ar fud an domhain.
Thug na Spáinnigh isteach don Eoraip í tar éis í a aimsiú le linn a n-ionraidh ar Mheicsiceo.
Inniu déantar níos mó táirgí seacláide sna Stáit Aontaithe ná tír ar bith eile.[1]


In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá comhlachtaí Éireannacha a dhéanann táirgí seacláide tagtha chun cinn go mór sna 2020idí. Is cosúil gur tháinig borradh fúthu le linn na dianghlasála. Tá cáil bainte amach ag leithéidí Skellig Chocolates agus Grá Chocolates agus réimse mór táirgí acu atá ar fáil coitianta go maith i siopaí ar fud na tíre. Feicim go bhfuil siadsan ag cur táirgí Cásca ar fáil i mbliana, agus ní fhéadfadh duine iad a fhágáil ar an tseilf. Ar son na cúise, ar ndóigh.[2]
Chaith muintir na hÉireann €24.6 milliún ar uibheacha Cásca sa bhliain 2024.
Saghsanna difriúla seacláide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear an tseacláid ina lán saghsanna agus cainníochtaí.
- Seacláid dhorcha (gan bhainne)
- Gnáthsheacláid (seacláid agus bainne á meascadh)
- Seacláid bhán (le him cócó agus gan cócó soladach)
- Seacláid leathmhilis (úsáideann daoine an saghas seo sa chócaireacht. Bíonn níos lú siúcra inti)
- Seacláid sú talún (a ullmhaítear san Iodáil)
- Seacláid oráiste (ar nós "Terry's Chocolate Orange")
Tá comhábhair eile ann a chuirtear sa tseacláid ar nós cnónna nó caramal.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cócó nó Crann cacó
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ Bridget Bhreathnach (3 Aibreán 2025). "Tubaiste Ghaeilge AI an Tánaiste, Laethanta na Bó Riabhaí, costas an chócó" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-03.