Púdar is ea an plúr a déantar as gráinní de ghránaigh a mheilt, nó as síolta eile, nó as fréamhacha. Plúr agus uisce na comhábhair bhunúsacha i gcomhair aráin a dhéanamh, an príomhbhia a mbíonn ag leor de dhaonra an Domhain. Bhí soláthar leordhóthanach plúir ina cheist mhór eacnamaíochta agus pholaitíochta ag amanna éagsúla i stair an phobail daonna. Tá plúr cruithneachta ar cheann de na bianna is tábhachtaí i gcultúir na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh, an Mheánoirthir agus Thuaisceart na hAfraice, agus is é an comhábhar a shainíonn stíleanna an chuid is mó dá n-arán agus taosráin. Bhíodh an grán buí nó an t-arbhar Indiach (Zea maysL.) tábhachtach sa chócaireacht Mheiriceá Láir ón gcianaois, agus tá sé fós in úsáid go coitianta i gcuid mhór den chócaireacht sa Mheiriceá Laidineach.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.