Tae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DeochTae
Cineálinfusion (en) Aistrigh, deoch te, bia-ábhar spreagthach, tae agus deoch neamh-mheisciúil
Comhábhairtainnin, uisce agus caiféin
Modh ullmhúcháingéarú agus ag goil
Cuid desuutei tsai (en) Aistrigh
Tor tae.
Taephota agus cupán tae le bainne.

Is éard is tae ann ná deoch a ullmhaítear trí dhuilleoga an phlanda tae (Camella siniensis) a fhliuchadh in uisce te nó a chnagbhruith. Is féidir tae a mhilsiú le siúcra agus a liathadh le bainne, nó slisín liomóide a chur leis le blas a thabhairt.

Tá an tae an-choitianta in Éirinn inniu, ach nuair a tháinig sé go hÉirinn an chéad uair, bhain muintir na tuaithe úsáid an leigheasra as, ó nach raibh a fhios acu an úsáid cheart. San am sin, ba nós tae a bhruith i gceart, ionas go bhfaightí deoch dhonn láidir ar tugadh súram, sútram, súramánsútramán air. Chreidtí gur cógas láidir a bhí ann, agus ar a laghad, bhí sé in ann an tuirse a bhaint den duine agus luas a chur faoi bhuillí a chroí.

Tugtar scileagailí ar an tae rólag. Is éard is anglais ann ná meascán as uisce te agus bainne a óltar nuair nach bhfuil tae ann, ach thabharfá anglais go magúil ar thae rólag freisin.

Maidir le hainm an tae, fuarthas ar iasacht ón tSínis é. Tugtar tea air as Béarla, Tee as Gearmáinis, as Spáinnis agus tee as Fionlainnis. Baineann cuid mhaith teangacha (an Rúisis, Seapáinis agus an Phortaingéilis, cuir i gcás) úsáid as leaganacha éagsúla an fhocail chai, ach is ionann é agus tae, ach amháin gur tháinig an dá fhocal seo ó chanúintí difriúla na Sínise. Sa Pholainnis, úsáidtear an focal herbata, atá bunaithe ar an téarma Laidine a chiallaíonn luibh nó lus (cf. herb an Bhéarla).

Ní hé an planda tae an t-aon luibh amháin a úsáidtear le deochanna den chineál seo a ghléasadh, ar ndóigh. Ólann muintir na hAirgintíne agus na dtíortha ina timpeall an deoch a dtugtar mate uirthi, agus í á hullmhú as an luibh áitiúil úd yerba mate. Maidir le muintir na hAfraice Theas, bíonn siadsan ag fliuchadh duilleoga na sceiche deirge (rooibos) mar a bheadh tae ann. Is gnách "tae luibhe" a thabhairt ar na cineálacha seo "tae", agus le déanaí, tá an focal Gréigise tisane ag dul chun leitheadúlachta sa Bhéarla mar théarma ar insileadh luibhe ina n-úsáidtear luibh eile seachas duilleoga tae.

Ní hionann ar ndóigh tae luibhe den chineál seo agus tae a bhfuil luibheanna eile measctha tríd mar spíosra.

Próiseáil an Tae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dual do na duilleoga tae ocsaídiú mura dtriomaítear i ndiaidh a mbainte iad. Is iad na heinsímí sa tae is cúis leis an ocsaídiú seo, ach is gnách le lucht na ceirde coipeadh nó giosáil (fermentation) a thabhairt ar an bpróiseas, cé nach coipeadh ná giosáil i gciall cheart an fhocail atá i gceist. De thoradh an ocsaídithe, iompaíonn an chlóraifill go tainníní. Nuair a thriomaítear an tae, téitear suas é fosta leis na heinsímí a dhíothú, ionas go gcuirtear deireadh leis an ocsaídiú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]