Caiféin
Alcalóideach meitiolxaintéineach is ea an chaiféin agus é le fáil go nádúrtha sna síolta caife, sa tae, sna cnónna cóla, sa yerba mate (lus a fhliuchtar ar nós an tae san Airgintín agus i dtíortha eile i réigiún Río de la Plata i Meiriceá Theas), sa ghuaranà, agus beagáinín i síolta cócó. Cuirtear i roinnt deochanna boga í freisin, ar nós Coca-Cola, Irn-Bru agus Mountain Dew.
Substaint bhán chriostalta í an chaiféin ghlan. Sna plandaí, is minic a bhíonn alcalóidigh eile measctha tríd an gcaiféin, go háirithe taeifillín agus taebróimín.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an ceimiceoir Gearmánach Friedrich Ferdinand Runge a d'aithin agus a d'aonraigh an chaiféin an chéad uair sa bhliain 1819, agus ba eisean a cheap an t-ainm fosta.
Ceimic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an t-ainm córasach atá ar an gcaiféin ná 1,3,7-trímheitiol-xaintéin.
C8H10N4O2 an fhoirmle cheimiceach atá aici.
Tugtar "taeín", "guarainín" agus "maitéín" ar na meascáin d'alcalóidigh atá le fáil sa tae, sa ghuaraná agus sa yerba mate, ach is í an chaiféin an príomhoibreán iontu go léir.
Druga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is spreagthach í an chaiféin, is é sin, spreagann sí lárchóras na néaróg agus maolaíonn sí an tuirse. Tá sí ar an tsubstaint shícighníomhach is mó a úsáidtear ar fud an domhain, ach murab ionann agus a lán substaintí sícighníomhacha eile, ní dhearctar uirthi mar dhruga dainséarach. A mhalairt ar fad, bíonn deochanna a bhfuil caiféin iontu le fáil go dlíthiúil i ngach tír, a bheag nó a mhór.
Is fualbhrostach í an chaiféin freisin. Is é sin, spreagann sé an duine chun fual a dhéanamh. Iad siúd a ólann caife nó deochanna eile a bhfuil caiféin iontu go minic, áfach, ní mhothaíonn siad mórán den spreagadh seo a thuilleadh, de ghnáth. Mar sin, is ar éigean atá an dainséar ann go gcaillfeá an iomarca uisce agus tú ag ól barraíocht caife.
Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn taighde a rinne Ollscoil Arkansas go bhfuil tionchar dearfach ag an gcaiféin ar ár gcumas machnamh a dhéanamh, cinnte, ach go bhfuil an tionchar sin teoranta don chineál machnaimh ar a dtugann eolaithe an ‘smaointeoireacht aontreoch’ – is é sin le rá, an cineál smaointeoireachta a bhfuil sé mar aidhm aici teacht ar réiteach d’fhadhb éigin.
D’éirigh leis na daoine a ghlac páirt i dtaighde Ollscoil Arkansas agus ar tugadh 200mg caiféine (sin muga mór caife) dóibh roimh an tástáil líon i bhfad níos mó fadhbanna a réiteach ná leis na rannpháirtithe ar tugadh placebo dóibh.
Ach léirigh an taighde céanna nach bhfuil tionchar ar fiú trácht a dhéanamh air ag an gcaiféin ar ár gcumas sa ‘smaointeoireacht iltreoch’, an cineál machnaimh a bhfuil sé mar aidhm aici smaointe úra a chruthú as an nua.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Alex Hijmans (7 Márta 2026). "Méara an mhéarchláir agus cupán caife te lena thaobh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-09.