Seadóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seadóg
Citrus paradisi (Grapefruit, pink) white bg.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Ord: Sapindales
Fine: Rutaceae
Géineas: Citrus
Speiceas: C. paradisi
Ainm déthéarmach
Citrus paradisi
Macfad

Toradh ciotrasach is ea an tseadóg, agus í 10-25 cm ar trastomhas, comhchruinn nó piorrachruthach, le craiceann scothghlas/buí is laíon milis bándearg nó buí. Craiceann tanaí nó liathdhearg ar chuid de na cineálacha. Fástar sna trópaicí iad den chuid is mó. Dúchasach do Bharbadós mar hibrid nádúrtha a tharla de thaisme idir an oráiste milis agus an pomaló.