Hibrid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Toradh ar thrasphórú dhá chineál éagsúla plandaíainmhithe chun airíonna an dá chineál a chomhchuingriú. Baintear feidhm as hibridiú sa talmhaíocht chun barraphlandaí níos fearr, mar arbhar, a tháirgeadh. Go minic, fásann an t-orgánach hibrideach, planda nó ainmhí, i bhfad níos bríomhaire ná an bunorgánach, agus tugtar fuinneamh hibrideach air seo. Ní bhíonn gnéithe hibrideacha leath chomh hiontaofa le gnéithe a chumtar le hinnealtóireacht ghéiniteach chun airíonna a sheoladh ar aghaidh dá sliocht. Baintear feidhm as an téarma ‘hibrideach’ chun cur síos ar rud de bhunús nó comhdhéanamh measctha. Mar shampla, tugtar feithicil hibrideach ar fheithicil ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh chomh maith le mótar leictreach chun tiomána.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hibrid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 345.