Innealtóireacht ghéiniteach
Láimhseáil is athchóiriú ábhair ghéinitigh trí theicníochtaí fisiciúla, ceimiceacha is bitheolaíocha, chun tréithe dúchasacha a athrú. Tugtar géinspladhsáil is teicneolaíocht DNA athchuingrigh uirthi freisin. A luaithe is a bhí an cód géiniteach ar eolas, tosaíodh ar shlite a shaothrú chun an cód a athrú is na géinte a bheartú. San innealtóireacht DNA athchuingrigh, baintear feidhm as einséimí ar leith chun géin de chuid orgánaigh amháin a ghearradh amach is a spladhsáil isteach in orgánach eile. Ansin feidhmíonn an t-orgánach faighteora chun treoracha na géine nua a chur i gcrích. Is ceist bhunúsach eitice is fealsúnachta í an cumas nua seo ag daoine cur isteach ar na próisis dhúchasacha agus struchtúr géiniteach ár ngné féin, fiú, a athrú. Tá an-chuid taighde ar siúl i ngéinteiripe, ina gcuirtear géinte leis an eolas ceart isteach i gcealla ina bhfuil géinte máchaileacha, mar shampla le géinghunna, nó a gcuirtear isteach géinte nua a threoraíonn déanamh ábhar frithghalrach. Tá an obair seo ag a tús fós. Mar thoradh ar innealtóireacht ghéiniteach, tá feabhas curtha ar bharra is stoc, déantar córacha leighis i miocrorgánaigh, agus is féidir daoine a thástáil féachaint an bhfuil galair dhúchasacha acu.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |