Cainneon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCainneon
Lower Antelope Canyon 478.jpg
Páirc Náisiúnta Canyonlands, Utah, SAM

Is é is cainneon ann ná gleann domhain le taobhanna atá gar do bheith ceartingearach, a gearradh amach ag abhainn, go minic i réigiún lom tirim nó leath-thirim. Faightear cainneoin fhomhuirí ar na fánaí ilchríochacha, agus tuigtear gur cnaíodh iad ag sruthanna moirtiúlachta.