Brú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilBrú
Pressure exerted by collisions.svg
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Is éard is brú ann ná an fórsa san aonad achair a chuirtear i bhfeidhm sa treo go hingearach le dromchla an réada. Úsáidtear an tsiombail p (sa chás íochtair) chuige, agus is é an pascal (Pa) aonad brú an SI. Nuair a fheidhmíonn fórsameáchan ar leith ar fhairsinge níos lú, is ionann sin is brú níos mó. Má bhíonn réad tumtha i sreabhán cosúil le huisce nó aer, feidhmíonn brú ar gach taobh de. Tomhaistear brú le baraiméadair nó brúthomhasairí. Aonad brú a úsáidtear sa mheitéareolaíocht is ea an bar, agus aonad a úsáidtear sa mhíochaine is ea an milliméadar mearcair (mm Hg).

Sainmhíniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ionann an brú ar rud agus an fórsa atá ag gníomhú go hingearach ar gach méadar cearnach dá dhromchla. Úsáidtear an tsiombail 'p' chuige, (cé go n-úsáidtear 'P' go forleathan freisin) agus is é an pascal (Pa) aonad brú an SI. Braitheann úsáid 'p' vs 'P' ar an réimse ina mbíonn an duine ag obair, m.sh. má tá siombailí eile i gcomhair cainníochtaí, ar nós cumhachta agus móimintim, agus ar an stíl scríbhneoireachta.

Foirmle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go matamaiticiúil:

i gcás: p = An brú, F = An fórsa, A = Achar an dhromchla atá i dteagmháil

Aonaid[cuir in eagar | athraigh foinse]