Balla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBalla

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°48′18″N 9°07′42″W / 53.805°N 9.1283°W / 53.805; -9.1283
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde118 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412297

Balla[1] (Balla as Béarla freisin) i lár chontae Mhaigh Eo, agus tá timpeall 1000 duine ina pharóiste.

Tá fás ar an mbaile le blianta beaga anuas, mar go bhfuil go leor anois ag taisteal chuile lá go Caisleán an Bharraigh, nó fiú go Gaillimh le obair, agus cónaí ortha anseo.

Tá daoine áirithe anois ag tabhairt Balla Álainn ar an mbaile, ach tá dabht go bhfuil aon bhunús stairiúil leis an ainm sin, agus mar sin moltar Balla mar ainm i mBéarla agus i nGaeilge. Luann Raifteirí an baile ina amhrán "Cill Aodáin" ("'S i mBalla taobh thíos de thosós me ag ól")

Tá talamh sách maith timpeall an bhaile. Tá bunscoil agus meánscoil ann, cé gur thug na siúracha Laoiseacha suas an mheánscoil mar gheall ar easpa núíosach ag dul isteach san ord.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Naomh Crónán Mochua mainistir i mBalla is cosúil.[2] Cinnte bhí mainistir ar shuíomh an bhaile go luath i ré na Críostaíochta, agus tá clogtheach i bhfoirm túir gar do lár an bhaile.

Is i mBalla a rugadh Michael Lally, duine de bhunaitheoirí an Chumainn Lúthchleas Gael ag deireadh an 19ú haois.

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gnó dáileadh bianna ag MacWalters i lár an bhaile, agus tá siopaí poitegéara, earraí bídh, agus troscán ann. Tá sé theach tábhairne ar an mbaile, agus eaglais Chaitliceach.

Tá séipéal freisin i mBaile an Chorra, atá mar leath-pharóiste aige.

Bhí stáisiún traenach sa bhaile go dtí na hochtóidí, ar an líne as Baile Átha Cliath go Béal an Átha agus go Cathair na Mart, ach tá sé tréigthe anois.

Caitheamh Aimsire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúrsa 18 bpoll gailf ag an gCumann Gailf. Tá cumann gnóthach peil Gaelach freisin ag Balla, a imríonn ina ndathanna marún agus bán.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Balla | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "ST. MOCHUA c. 570-630 A.D.". www.kildare.ie. Dáta rochtana: 2020-08-06.