Gineadóir leictreastatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gineadóir leictreastatach

Feiste chun lucht leictreach mór a tháirgeadh, de ghnáth trí ionduchtú leictreastatach a dhéanamh arís is arís eile agus an lucht táirgthe a charnadh go leanúnach. Cheap an t-innealtóir Briotanach James Wimshurst (1832-1903) ceann i 1878, agus tá meaisíní nua-aoiseacha ardvoltais bunaithe ar ghineadóir van de Graaff le beilt-tiomáint (1929).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gineadóir leictreastatach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 316.