Marilyn Monroe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Marilyn Monroe
Marilyn Monroe, The Prince and the Showgirl, 1.jpg
Ainm breithe Norma Jeane Baker
Breith 1 Meitheamh, 1926
  Los Angeles, California
Bás 5 Lúnasa, 1962
  Brentwood, Los Angeles, California
Náisiúntacht Meiriceánach
Gníomhach 1947 - 1962
Céile James Daugherty
Joe DiMaggio
Arthur Miller

Aisteoir agus mainicín Meiriceánach ab ea Marilyn Monroe (1 Meitheamh, 19265 Lúnasa, 1962) agus réalta ghnéasach den céad scoth go háirithe. Rinneadh samhailchomhartha na ré nua di, na seascaidí na saoirse.

I mionpháirteanna scannáin a thosaigh sí ag aisteoireacht, ach d'iompaigh sí ina duine de na haisteoirí is cáiliúla sna caogaidí de bharr a cuid scileanna coiméideacha agus a háilleachta.

Phós sí faoi thrí - James Dougherty ar an 19 Meitheamh 1942, Joe DiMaggio ar an 14 Eanáir 1954 agus Arthur Miller ar 29 Meitheamh 1956.

A Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

A Breith is a hAinm[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Marilyn Monroe i mbarda carthanais Ospidéal Contae Los Angeles. Is é an t-ainm a breacadh síos ar a teastas breithe ná Norma Jeane Mortenson. Ach ba í an seanmóirí carasmatach mná ó Cheanada, Aimee Semple MacPherson, a bhaist an t-ainm Norma Jeane Baker uirthi, mar a d'iarr seanmháthair an linbh Della Monroe Grainger (de réir a beathaisnéisí Fred Lawrence)).

Ar an 23 Feabhra 1956, fuair Norma Jeane cead oifigiúil ó Chúirt Cathrach Stát Nua-Eabhraic agus d'athraigh sí a hainm is a sloinne go dlíthiúil go Marilyn Monroe.

A Máthair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba iad tuismitheoirí a máthar Otis Elmer Monroe agus Della Mae Hogan. Saolaíodh a máthair féin Gladys Pearl Monroe i bPorfirio Díaz (inniu: Piedras Negras) i Meicsiceo, ar an 27 Bealtaine 1902. Chuaigh an teaghlach ansin in éineacht le hOtis a bhí ag obair do chomhlacht an iarnróid. D'fhill siad go California, áit ar rugadh deartháir Gladys, Otis Óg, sa bhliain 1905. Bhí sifilis (bolgach Fhrancach) ar shean-Otis, agus chuaigh an galar i bhfeadánacht ann: tháinig meath ar chnámh a dhroma agus ar a inchinn, agus shíothlaigh sé in Ospidéal Stáit Chalifornia Theas i gContae San Bernardino sa bhliain 1909.

Teastas breithe

I Mí Bealtaine 1917, rinne Gladys athphósadh. Phós sí fear darbh ainm Jasper Baker, agus saolaíodh beirt leanaí don lánúin seo, mar atá, Robert Kermit Baker (24 Eanáir 1918) agus Berniece Baker (30 Iúil 1919). Tháinig an bheirt acu chun saoil i Los Angeles. Nuair a fuair Gladys agus a fear céile (arbh as Kentucky dó) colscaradh, choinnigh an t-athair an chlann aige féin agus chuaigh sé ina chónaí go Kentucky, de réir mar a deirtear sa leabhar My Sister Marilyn.

D'aistrigh Gladys ansin chomh maith, le go bhféadfadh sí a bheith i gcóngar dá clann. Chaith sí tamall ansin, ach sa deireadh, thug sí a haghaidh ar Los Angeles arís.

A hAthair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Marilyn Monroe. Radharc ón scannán cáiliúil Gentlemen Prefer Blondes (1958).

Nuair a chuaigh Gladys ar ais go dtí Los Angeles, casadh fear darb ainm Martin Edward Mortenson (1897-1981) uirthi agus phós sí é ar an 11 Deireadh Fómhair 1924. Fuair siad colscaradh leathbhliain ina dhiaidh sin, de réir an leabhair My Sister Marilyn. Rugadh athair Mhartin, Sean-Mhartin, i Haugesund san Iorua, agus chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit timpeall na bliana 1880. Phós sé Stella Higgins ansin, agus saolaíodh Martin Óg dóibh i Vallejo, California.

Is iomaí beathaisnéisí - cosúil le Donald H. Wolfe, a bhreac síos an leabhar The Last Days of Marilyn Monroe - a áitíonn gurbh é Charles Stanley Gifford fíor-athair Mharilyn Monroe. Bhí Gifford ag obair ina dhíoltóir don chomhlacht scannánaíochta RKO Pictures, agus Martin Mortenson ag gearradh scannán don ghnólacht chéanna.

26 Meitheamh 1945 iris YANK, Norma Jeane Dougherty

Is é Martin Mortenson a luaitear mar athair ar theastas breithe Mharilyn, áfach. Thréig Martin a bhean chéile roimh bhreith Mharilyn, ach mar sin féin, creideann cuid de na beathaisnéisithe gurbh eisean an fíor-athair freisin. Dúirt James Dougherty, an chéad fhear céile a bhí ag Marilyn, le hagallóir an stáisiúin teilifíse úd Lifetime go raibh Marilyn féin barúlach gurbh é Gifford a fíor-athair. Cibé cé acu Gifford nó Mortenson a bhí ann, ní raibh mórán bainte ag a hathair le saol Mharilyn i ndiaidh a breithe.

A Tuismitheoirí Altrama[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Gladys ag áitiú ar Della glacadh le Norma Jeane mar iníon altrama, ach nuair nach bhfuair sí ach cur ó dhoras, d'fhág sí an cailín ag Albert agus Ida Bolender i Hawthorne, California, áit ar fhan an páiste go dtí go raibh sí seacht mbliana d'aois. Ina dírbheathaisnéis My Story, deir Marilyn gur shíl sí gur bean ab ea Albert.

26 Meitheamh 1945 iris YANK, Norma Jeane Dougherty

Thagadh Gladys ar cuairt chuig Norma Jeane gach seachtain. Lá amháin, tháinig sí ag fógairt go raibh sí tar éis teach a cheannach, ach nuair a chuaigh Norma Jeane ina cónaí in aontíos léi, chlis a néaróga ar Gladys, agus tugadh go dtí ospidéal síciatrach í. Dealraíonn sé gur dhual do mhuintir Mharilyn dúlagar intinne agus claonadh chun féinmharú, nó chuir Marion, deartháir Ghladys, lámh ina bhás féin nuair a scaoileadh é féin saor ón ospidéal síciatrach, rud a rinne athair Della freisin nuair a buaileadh le dúlagar intinne é.

Ba í Grace McKee, an cara ab fhearr a bhí ag Gladys, a fuair Norma Jeane ansin le bheith ag féachaint ina diaidh. Nuair a phós Grace, cuireadh Norma Jeane i ndílleachtlann i Los Angeles, agus ina dhiaidh sin, chuaigh sí ó theach altrama go teach altrama.

Bhí Grace McKee, nó Grace Goddard, mar a bhí uirthi anois, agus a fear céile meáite ar aistriú go dtí an cósta thoir, agus ní fhéadfaidís Norma Jeane a thabhairt leo ansin. D'fhiafraigh Grace de mháthair James Dougherty, an bhféadfadh a mac an cailín a phósadh, ionas nach gcaithfí í a chur ar ais i dteach altrama éigin. Phós siad dhá sheachtain i ndiaidh do Norma Jeane sé bliana déag d'aois a shlánú.

Cárta poist, 1940idí

Tús a Gairmréime[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chaith a fear céile blianta an chogaidh amuigh sna soithí, agus chuaigh Norma Jeane Dougherty ina cónaí i dteach a mháthar. Thosaigh sí ag obair i monarcha an chomhlachta Radioplane, arbh é an t-aisteoir Reginald Denny a húinéir. Ba é an tasc a bhí aici ná ceimiceán tinemhoillitheach a spré ar chodanna eitleáin agus paraisiúit a iniúchadh.

Bhí David Conover, grianghrafadóir a bhí ag obair do na fórsaí armtha, ag tabhairt camchuairte timpeall na monarchan ar lorg maisiúcháin d'alt ar an iris YANK faoin dóigh a raibh na mná ag cuidiú leis na Stáit Aontaithe an cogadh a chur. D'aithin Conover go raibh ábhar an chuspa i Norma Jeane. Go gairid ina diaidh sin, shínigh sí conradh leis an gníomhaireacht mhainicíneachta, The Blue Book. Ina leabhar Finding Marilyn, dúirt Conover go raibh cumann craicinn aige le Marilyn a mhair na blianta. Nuair a bhí an conradh sínithe aici, chuir sí cuma nua ar a folt gruaige: gearradh é, díríodh amach é agus cuireadh dath an óir ann.

11 Meitheamh 1947

D'iompaigh sí amach ina duine de na cuspaí ba mhó rath dá raibh ag obair don Blue Book. Chonacthas ar chlúdach na ndosaen irisí í. Sa bhliain 1946, chuir an sealgaire lucht tallainne Ben Lyon sonrú inti. Shocraigh sé scannánú tástála di leis an gcomhlacht scannánaíochta Twentieth Century Fox. Tairgeadh conradh caighdeánach sé mí di, agus tuarastal $125 in aghaidh na seachtaine ag dul leis ar dtús.

Ní raibh cuma sách meallacach ar an ainm sin Norma Jeane, agus mhol Lyon di an t-ainm stáitse Marilyn a tharraingt uirthi, in aithris ar Marilyn Miller. Roghnaigh Marilyn an sloinne Monroe, ó ba é an chéad sloinne a bhí ar a máthair féin. Ón lá sin i leith, ghlaoití Marilyn Monroe ar Norma Jeane Baker.

I rith an chéad leathbhliain i ndiaidh an conradh a shíniú le Fox di, níor tugadh obair ar bith di, ach ansin, bhí sí sásta an conradh a athnuachan, agus fuair sí ról beag ar an dá scannán úd Scudda Hoo! Scudda Hay! agus Dangerous Years. Tháinig an dá cheann ar an scáileán sa bhliain 1947. Gearradh ról Mharilyn as an chéad scannán acu, amach ón mearspléachadh ar a haghaidh, agus dhá fhocal á rá aici. Chinn Fox ar gan a conradh a athnuachan arís. Chrom Monroe ar ais ar obair an chuspa, agus í ag fáil aithne ar dhaoine tábhachtacha i Hollywood de réir a chéile.

Ladies of the Chorus, 1948

Sa bhliain 1948, chaith sí leathbhliain ag obair do Columbia Pictures, agus ról aici ar an scannán Ladies of the Chorus. Ceolchóiméide saorbhuiséid a bhí ann nach raibh mórán ratha uirthi, agus chaill Marilyn an jab seo freisin nuair a bhí an chéad chonradh istigh.

Ansin, casadh Johnny Hyde, duine d'áidsintí móra Hollywood, uirthi. D'éirigh le Hyde conradh nua a eagrú di ag Fox, nuair a dhiúltaigh MGM di. Ní raibh Leas-Uachtarán Fox, Darryl F. Zanuck, cinnte go raibh aon mhaith i Marilyn, ach ó bhí Hyde chomh stobarnáilte is a bhí, ghéill Zanuck dó, agus fuair Marilyn róil bheaga ar na scannáin All About Eve, arbh é Fox a léirigh é, agus, ina dhiaidh sin, The Asphalt Jungle, arbh é MGM a léirigh é.

Cé nach raibh ach mionróil i gceist, thug na féachadóirí agus na léirmheastóirí faoi deara í. Thairis sin, chuir Hyde faoi scian an mháinlia í le go gcuirfí feabhas ar a srón agus ar a smig, i mbreis ar an máinliacht a rinneadh ar a drandal roimhe sin.

Marilyn Monroe agus Keith Andes, Clash by Night, 1952

Bhí róil neamhthábhachtacha aici ar scannáin sodhearmadta cosúil le We're Not Married! agus Love Nest. Mar sin féin, bhain lucht ceannais an chomhlachta RKO leas aisti leis an scannán Clash by Night, léiriúchán de chuid Fritz Lang, a dhéanamh ní ba mheallacaí i súile an ghnáthfhéachadóra. Bhí rath maith ar an scannán, agus ansin, bhain Fox úsáid den chineál chéanna aisti i ról an fháilteora i Monkey Business, dráma grinn ropánta arbh é Howard Hawks a stiúrthóir, agus Ginger Rogers is Cary Grant ag déanamh na bpríomhpháirteanna.

Ní dhéanfadh na léirmheastóirí droichead de Mharilyn a thuilleadh, agus má d'éirigh go gleoite leis an dá scannán sin, glacadh leis go forleathan gurbh í Marilyn a tharraing cuid mhór den lucht féachana isteach sna pictiúrlanna.

Monkey Business, 1952

Sa deireadh, bhí Fox sásta príomhpháirt a thabhairt do Mharilyn sa bhliain 1952 ar an scannán Don't Bother to Knock. Rinne sí ról an naí-fhosaí chraiceáilte a d'ionsaigh an cailín beag a raibh a cúram uirthi. Scannán a bhí ann nár caitheadh mórán airgid leis, agus cé nach raibh gach léirmheastóir sásta leis an scannán féin, bhíothas ar aon fhocal gur thaispeáin sé go raibh bua aisteoireachta ag Marilyn, agus go raibh sí in inmhe páirt an phríomhaisteora a dhéanamh. Glactar leis ó sin i leith go ndearna sí an-obair aisteoireachta ar an scannán áirithe sin.

An Réaltóg Dhallraitheach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rinne sí an phríomhpháirt ar an scannán Niagara sa bhliain 1953, agus ansin, thaispeáin sí go raibh sí ábalta pictiúr mór-bhuiséid a dhéanamh. Is é an ról a bhí aici ná bean a raibh cineál siabhráin uirthi, agus í ag pleanáil a fear céile a mharú. Rinne na léirmheastóirí an oiread céanna tráchta ar an dóigh a raibh Marilyn ag caidreamh leis an gceamara agus ar scéal duairc an scannáin.

Faoin am seo, thosaigh grianghraif ag dul timpeall ar a raibh Marilyn le feiceáil ina craiceann dearg. Ba é an grianghrafadóir Tom Kelley a thóg na pictiúir seo nuair a bhí an obair ag rith gann ar Mharilyn. Cheannaigh Hugh Hefner cóipeanna de na pictiúir, agus i Mí na Nollag 1953, tháinig siad i gcló sa chéad eagrán den Playboy.

D'admhaigh Marilyn go réidh os comhair an tsaoil mhóir gurbh ise a bhí ar na pictiúir dháiríre, rud a chuir an-fhearg ar lucht an chomhlachta Fox. Nuair a d'fhiafraigh iriseoir éigin di céard a chaitheadh sí sa leaba (is é sin, cén cineál éadaí), is é an freagra a thug sí ná Chanel no. 5 (cineál cumhráin). Nuair a cuireadh an cheist uirthi, céard a bhí sí a chaitheamh nuair a tógadh na pictiúir, dúirt sí go raibh an raidió ag obair (imeartas focal é as Béarla, ar ndóigh: what did you have on during the photo shoot? - the radio!).

I rith an chéad chúpla mí eile, thuill na scannáin Gentlemen Prefer Blondes agus How to Marry a Millionaire a clú do Mharilyn. Bhí sí sa Táin anois, mar aisteoir. Is iad an dá chóiméide theicneadhaite (Technicolor) seo is mó is cúis leis an bpearsantacht is minicí a shamhlaítear léi ar an scáileán, is é sin, áilleagán mná na ngealfholt.

Gentlemen Prefer Blondes, 1953

Ar an scannán Gentlemen Prefer Blondes, rinne Monroe páirt Lorelei Lee, cailín siamsaíochta ar lorg ghrá na hailpe. Chuaigh a hainm fud fad na nuachtán, agus an dóigh ar chan sí an t-amhrán Diamonds Are a Girl's Best Friend thug sí inspioráid d'amhránaithe cosúil le Madonna, Kylie Minogue, agus Geri Halliwell. Nuair a chuaigh an scannán ar an scáileán an chéad uair i Los Angeles, bhí Marilyn agus a comhaisteoir Jane Russell i láthair le lorg a gcos is a lámh a fhágáil sa tsoimint os comhair Grauman's Chinese Theatre.

Ar an scannán How to Marry a Millionaire, ba iad Lauren Bacall agus Betty Grable an bheirt phríomhaisteoirí ban eile. Is é an ról a bhí ag Marilyn ná an cailín bán gearr-radharcach mallintinneach, agus cé nach raibh sa pháirt féin ach steiréitíopa, thug na léirmheastóirí faoi deara go raibh ciall mhaith aici don fhocal cheart ar an nóiméad ceart, bua atá an-tábhachtach ag an aisteoir grinn.

The Seven Years Itch, 16 M.F. 1954, Nua Eabhrac

Ní raibh an rath céanna ar an chéad dá scannán eile léi, mar atá, an scannán iarthair fhiáin River of No Return agus an cheolchóiméide There's No Business Like Show Business. Thuirsigh Marilyn den chineál páirteanna a bhí Zanuck a thairiscint di.

Nuair a bhí The Seven Years Itch críochnaithe aici i dtús na bliana 1955, d'imigh Monroe as Hollywood, beag beann ar an gconradh a bhí sínithe aici, agus chuaigh sí ag staidéar aisteoireachta san Actors Studio i Nua-Eabhrac. Ní raibh Fox géilliúil dá cuid éileamh i leith an chonartha, nó bhí siad ag áitiú uirthi filleadh le cuidiú leis na léiriúcháin nach bhfuair sí óraice aici ná oiriúnach di, is é sin, The Girl in Pink Tights (a fágadh gan scannánú sa deireadh thiar thall), The Girl in the Red Velvet Swing agus How to Be Very, Very Popular.

D'fhan Marilyn i Nua-Eabhrac. Nuair a bhí an lucht féachana ag déanamh a ngnáthruathair ar na pictiúrlanna le The Seven Years Itch a fheiceáil i samhradh na bliana 1955, agus an bheirt réaltóg eile de chuid Fox, Jayne Mansfield agus Sheree North fágtha faoi scáil Mharilyn, b'éigean do Zanuck admháil go raibh an ceann ab fhearr faighte aici air. Síníodh conradh nua a cheadaigh do Mharilyn diúltú do chomhoibriú le stiúrthóir nach dtaithneodh léi agus aisteoireacht a dhéanamh ar léiriúcháin na stiúideónna eile.

Sir Laurence Olivier agus Marilyn Monroe, The Prince and the Showgirl, 1957.

Ba é an chéad phictiúr a scannánaíodh faoin gconradh nua ná Bus Stop, arbh é Joshua Logan a stiúrthóir. Ba í an pháirt a rinne sí ná Chérie, amhránaí i dteach ólacháin a thit i ngrá le buachaill bó. Ar an scannán seo, feictear gan smideadh ceart í, rud a rinne sí d'aon ogham.

Chuaigh sí ar an ngearrliosta do Dhuais Golden Globe, agus bhí na léirmheastóirí faoi dhraíocht ar fad. D'fhógair Bosley Crowther ar an New York Times: Ná titigí as bhur suí anois, nó tháinig Marilyn Monroe aniar aduaidh orainn go léir: chruthaigh sí gur aisteoir í dáiríribh.

Scríobh an stiúrthóir Joshua Logan ina dhírbheathaisnéis Movie Stars, Real People mar seo: Fuair mé go raibh Marilyn ar na daoine ba mhó tallainne riamh -- Chuaigh sí i bhfeidhm orm mar dhuine ab intleachtúla i bhfad ná mar a shamhlaigh mé riamh, agus b'ansin a d'fhoghlaim mé an chéad uair riamh ná nach bhfuil baint ar bith ag an intleacht, fiú ag an intleacht is lonrúla, leis an oideachas.

The Prince and the Showgirl, 1957

In éineacht lena cara, an grianghrafadóir Milton H. Greene, bhunaigh Monroe comhlacht léiriúcháin dá cuid féin, Marilyn Monroe Productions. Ba é The Prince and the Showgirl an t-aon scannán amháin a d'fhoilsigh an gnólacht, scannán a chuaigh amach sa bhliain 1957. Ní raibh na léirmheastóirí ar aon tuairim faoi fheabhas an scannáin. Ba í Marilyn féin a rinne príomhpháirt an scannáin, in éineacht leis an móraisteoir Sasanach Laurence Olivier, a rinne an stiúrthóireacht freisin.

Bhí Olivier ag cur i dtíortha le fearg le linn an léiriúcháin, nó ba nós le Marilyn bheith mall ag teacht go dtí an láthair, agus níor thaitin sé go rómhaith le hOlivier ach an oireadh chomh mór a bhí Marilyn ag brath ar a hoiliúnóir drámadóireachta Paula Strasberg. Bhí na léirmheastóirí an-sásta le hobair Mharilyn ar an scannán seo, áfach. Bhain sé amach Duais David di Donatello san Iodáil agus Duais na Réalta Criostail san Fhrainc. Gearrliostaíodh í freisin do Dhuais BAFTA sa Ríocht Aontaithe.

Blianta Deireanacha a Saoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Some Like it Hot

Sa bhliain 1959, bhí sí ina réalta ar an gcóiméide úd Some Like it Hot in éineacht le Tony Curtis agus Jack Lemmon, arbh é Billy Wilder a stiúrthóir. Ba é an scannán seo buaicphointe a caithréime aisteoireachta. I ndiaidh na n-oibreacha, cháin Wilder í toisc a cuid céapars ar an tseit, ach de réir a chéile, maolaíodh ar a fhearg, agus sa deireadh, mhol sé go mór í mar aisteoir mór cóiméide. Tá sé de chlú ar Some Like it Hot i gcónaí gur ceann de na scannáin is fearr amuigh é. Thuill a hobair ar an scannán seo Duais Golden Globe do Mharilyn, agus í ar an aisteoir ab fhearr cóiméide nó ceoldráma sa bhliain sin.

I ndiaidh Some Like it Hot, rinne Marilyn an scannán úd Let's Make Love faoi stiúrthóireacht George Cukor, agus Yves Montand mar chomhréalta aici. Ní raibh Marilyn féin ródhoirte don scannán seo, nó ní raibh ann ach dualgas a bhí uirthi toisc go raibh an conradh aici le Fox. Ní dheachaigh an scannán mórán i bhfeidhm ar na léirmheastóirí ach an oiread, amach ón amhrán a chan sí: My Heart Belongs to Daddy le Cole Porter.

Ba é Arthur Miller a bhreac síos an script don chéad scannán eile, The Misfits. Mar a d'iompaigh an scéal amach, ba é an scannán deireanach é don bheirt réaltaí, Marilyn féin chomh maith le Clark Gable. Scannánaíodh an pictiúr amuigh i bhfásach te Nevada, rud a thuirsigh an fhoireann iomlán go mór. Mar sin féin, rinne an triúr príomhaisteoirí, Marilyn, Gable agus Montgomery Clift, an-jab de a d'fhág na léirmheastóirí faoi dhraíocht.

WACCI 28.jpg

Go gairid i ndiaidh an scannáin, fuair Gable bás le taom chroí, agus chuir na hirisí tablóideacha an locht ar Mharilyn, ag áitiú go raibh a hiompraíocht ar an tseit ag luí ar chroí Gable. Mar sin féin, is féidir cúiseanna eile a lua leis an mbás, go háirithe an dúil nimhe a bhí ag Gable sna toitíní agus an nós a bhí aige gan dul i dtuilleamaí éachtóra le haghaidh na radharc dainséarach nó tuirsiúil.

I ndiaidh bhás Gable, bhí Marilyn i láthair nuair a chuaigh an tonn bhaiste ar a mhac a saolaíodh cúpla mí i ndiaidh a bháis. De réir dealraimh, bhí sí mór le Kay, bean chéile Gable.

Cuid de na grianghrafanna is fearr de Mharilyn, ba é Douglas Kirkland a thóg iad sa bhliain 1961 mar ghné-alt d'eagrán speisialta den iris úd LOOK le 25 bliana na hirise a cheiliúradh.

D'fhill Marilyn go Hollywood le cromadh ar ais ar an gcóiméide úd Something's Got to Give faoi stiúrthóireacht George Cukor. Fágadh an scannán seo gan chríochnú, agus na fadhbanna a bhain leis: le fírinne chosain na hoibreacha díomhaoine scannánaíochta an-suim airgid ar Fox. Chonacthas Marilyn go poiblí an uair dheireanach i mBealtaine 1962, nuair a chan sí Happy Birthday Mr President don Uachtarán John F. Kennedy ar an teilifís.

I ndiaidh di í féin a thaispeáint ina craiceann dearg ar an scáileán - an chéad radharc den chineál seo a rinneadh d'aon mhór-bhanaisteoir i stair na scannánaíochta, thosaigh Marilyn á hiompar ní ba taomaí ná roimhe sin féin ar an tseit. Ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh, shlánaigh Marilyn sé bliana déag is fiche d'aois, agus í ag freastal ar ócáid charthanachta ag Dodger Stadium.

Something's Got to Give, 1962 7 Lúnasa 1962, Eureka Humboldt Standard

Bhí léiriúchán an scannáin Cleopatra ag cosaint an iomarca ar Fox cheana féin, chomh hard agus a bhí an phá a bhí Elizabeth Taylor a éileamh. Mar sin, thug siad bata agus bóthar do Mharilyn agus d'fhostaigh siad Lee Remick ina háit do Something's Got to Give. Ní bheadh Dean Martin sásta ach le Marilyn mar chomhréalta, agus ó cheadaigh a chonradh dó a chomhréalta féin a roghnú, b'éigean do Fox Marilyn a athfhostú.

Thug Monroe agallamh fada don iris Life, ina ndúirt sí go raibh sí an-mhíshásta leis an dóigh a mbíodh Hollywood ag caitheamh léi - ní raibh inti, dar leosan, ach áilleagán amaideach mná. Chuir sí béim freisin ar an ngrá a bhí aici dá lucht féachana. Tógadh sraith grianghraif di le haghaidh Vogue fosta, agus thrácht sí ar scannán a bhí sé le déanamh le Gene Kelly agus le Frank Sinatra. Thairis sin, bhí Monroe ag brath páirt Jean Harlow a dhéanamh ar scannán beathaisnéise.

I measc na scannán eile a luadh léi bhí What a Way to Go! (ba í Shirley MacLaine a rinne an pháirt ansin a bhí ceaptha do Mharilyn), Kiss Me, Stupid (cóiméide a bhí ann ina mbeadh Dean Martin ina réalta fir, agus ba í Kim Novak a fuair páirt Mharilyn) agus ceoldráma a bheadh bunaithe ar A Tree Grows in Brooklyn.

New York Mirror Front Page of August 6, 1962.jpeg

Ní raibh d'am aici, áfach, cromadh ar ais ar oibreacha an scannáin Something's Got to Give.

Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cailleadh Monroe sa bhaile ina teach féin sa bhliain 1962 i Los Angeles ar maidin ar an 5 Lúnasa 1962. Creidtear gur ródháileog piollairí codlata a thug a bás, agus gur féinmharú a bhí ann. Mar sin féin, bhí teoiricí éagsúla comhcheilge ag dul timpeall.

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Marilyn Monroe Signature.svg

Tá áit mhór ag Monroe i stair na scannánaíochta. Ach lean conspóid i gcónaí í. Siombail chumhachtach cumasach den bhean ba ea í, nó íospartach neamhchiontach?

Scannáin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa scannán The Seven Year Itch (1955).
Bliain Teideal Ról Nótaí eile
1963 Marilyn doiciméadach [1]
1962 Something's Got to Give Ellen Wagstaff Arden Níor críochnaíodh é.
1961 The Misfits Roslyn Taber
1960 Let's Make Love Amanda Dell
1959 Some Like It Hot Sugar Kane Kowalczyk
1957 The Prince and the Showgirl Elsie Marina
1956 Bus Stop Cherie
1955 The Seven Year Itch The Girl
1954 There's No Business Like Show Business Vicky Hoffman/Vicky Parker
1954 River of No Return Kay Weston
1953 How to Marry a Millionaire Pola Debevoise
1953 Gentlemen Prefer Blondes Lorelei Lee
1953 Niagara Rose Loomis
1952 O. Henry's Full House "Streetwalker" san eipeasóid "The Cop and the Anthem"
1952 Monkey Business Miss Lois Laurel
1952 Don't Bother to Knock Nell Forbes
1952 We're Not Married! Annabel Jones Norris
1952 Clash by Night Peggy
1951 Let's Make It Legal Joyce Mannering
1951 Love Nest Roberta Stevens
1951 As Young as You Feel Harriet
1951 Home Town Story Gina Norris
1950 Right Cross Dusky Ledoux (gan aitheantas)
1950 All About Eve Miss Caswell
1950 The Fireball Polly
1950 The Asphalt Jungle Angela Phinlay
1950 A Ticket to Tomahawk Clara (gan aitheantas)
1949 Love Happy Grunion's Client
1948 Ladies of the Chorus Peggy Martin
1948 Scudda Hoo! Scudda Hay! Girl in Canoe (lake scenes)/Girl Exiting Church (gan aitheantas)
1947 Dangerous Years Eve

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]