Rose Dugdale

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRose Dugdale
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1941
Honiton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Márta 2024
82 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Londan
Coláiste Mount Holyoke
Coláiste St. Anne, Oxford - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht
Miss Ironside's School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgadaí ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
AthairJames Frederic Compton Dugdale (en) Aistrigh  agus Caroline Timmis (en) Aistrigh

Iarghníomhaí de chuid an IRA Shealadaigh — agus banoidhre Sasanach — ba ea Bridget Rose Dugdale (25 Márta 1941 – 18 Márta 2024), ar a dtugtaí Rose Dugdale.[1][2] Bhí a saol lán d'eachtraíocht, agus tharraing sí conspóid lena bheo agus lena mharbh. Sceimhlitheoir frith-Chaipitileach agus trodaí frith-Impiriúlach ar son saoirse na hÉireann, d'éirigh an banoidhre óg den uasalaicme Shasanach ina ceann feadhna ar aonad leathscoite ón IRA Sealadach i dtús na seachtóidí. Bhí Dugdale sa bhuíon a rinne creach ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin sa bhliain 1974.

1974: ionsaí buamála ar bheairic CRU ar An tSrath Bán, Bowling Green
Teach Russborough i gCill Mhantáin
Ghoid Dugdale Lady Writing a Letter with her Maid, Vermeer, 1670

Tús a saoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de bhunadh uasaicmeach as Devon Shasana í Dugdale agus bhí na liaga liatha airgid ag a muintir. Bhí teach i gceantar gustalach Chelsea acu chomh maith leis an eastát tuaithe.

Sheas Dugdale amach óna treibh féin ón tús. Neamhspleách agus ainrialta ón gcliabhán, in aois a seacht déag, i 1958, ní umhlódh sí mar debutante os comhair na banríona Éilís a Dó i bPálás Buckingham mura ngéillfeadh a tuistí féin go gcuirfidís, in éadan a dtola, go Coláiste Naomh Áine in Oxford í – coláiste aonghnéis do mhná.[3]

Thosaigh an ceannairceach inti ag teacht chun cinn i rith a cuid laethanta ar an ollscoil mar a dtug sí féin agus a compánach, Jenny Chamer-Grove, ruathar faoi sheomra díospóireachta Chumann Oxford áit a raibh cosc ar mhná. Tharraing sí aird na meán uirthi féin agus níorbh é sin an uair dheireanach aici.

Bhain Dugdale PhD amach in Ollscoil Londain sna 1960idí san eacnamaíocht. Le flosc a ghlac an mac léinn Rose le polaitíocht radacach léirsithe sráide 1968.

Sceimhlitheoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Dugdale le gluaiseacht mhíleata na Poblachta i ndiaidh Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Í míréireach, ceanndána agus ag iarraidh cúl a thabhairt le cine. Ghoill pribhléid a muintire uirthi agus cothaíodh inti dá réir dáimh leis an dream a bhí faoi chois.[4]

Robáil sí luach £82,000 de phictiúir agus gréithe airgid as teach a tuistí féin i 1973, chun an tIRA Sealadach a mhaoiniú. Gabhadh í agus sa chúirt i 1973 á cosaint féin ar chúis robála a tuistí, chuir sí a hathair féin fá chroscheistiú. ‘I love you,’ arsa Dugdale, ‘but I hate that for which you stand.’[4]

I mí Eanáir 1974, ghlac Dugdale páirt in ionsaí buama ar stáisiún de chuid Constáblacht Ríoga Uladh (CRU) inar úsáideadh héileacaptar a bhí fuadaithe. Úsáideadh an héileacaptar chun ionsaí buamála a dhéanamh ar bheairic de chuid CRU ar An tSrath Bán i gCo. Thír Eoghain.[2] Ach níor phléasc na buamaí a chaitheadar.

Ghlac Dugdale páirt san eachtra robála a rinne an tIRA ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin ar an 26 Aibreán 1974, inar goideadh saothair ealaíne, arbh fhiú £8m iad ag an am, trí phictiúr de chuid Rubens ina measc, ceann amháin de chuid Goya agus ceann eile de chuid Vermeer.[5] Buaileadh Alfred Beit, an fear 71 bliain d’aois gur leis an teach, agus duine dá fhoireann sa chloigeann le gunna. Ceanglaíodh agus cuireadh sa leabharlann iad, áit a bhfaca siad an bhuíon ag gearradh na bpéintéireachtaí as na frámaí. D’éalaigh siad as sin go tigín i measc na gcrann ar na bunchnoic sceirdiúla i nDún na Séad. Ach ní raibh na gardaí i bhfad ag breith ar Dugdale agus frítheadh na pictiúir ar fad ina dhiaidh sin.[6]

Gearradh naoi mbliana príosúin ar Dugdale as an ról a ghlac sí san eachtra robála. Chuir na meáin dúil mhíchuibheasach i scéal an ruathair.

Príosún agus loghadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh mac di le linn di a bheith sa phríosún agus phós sí poblachtach eile, Eddie Gallagher, le linn di a bheith faoi choimeád.

Bhí Dugdale páirteach sa chlár faisnéise Rose Dugdale – Mná an IRA a rinneadh do TG4 in 2012.

Fuair Dugdale bás agus í "ina codladh" i dteach altranais i mBaile Átha Cliath ar 18 Márta 2024. Bhí sí 83 bliain d'aois.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Heiress and the Heist (RTÉ1, 2024), sraith faisnéise trí chlár a thug éachtaint ar shaol eachtrúil Rose Dugdale.
  • Leabhrán dar teideal An Stát versus Dugdale le Pádraig Ua Maoileoin, a d'fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 2001. Cuntas spéisiúil ar an eachtra a raibh Dugdale páirteach ann in 1974.
  • "Baltimore" (R-A) nó "Rose’s War" (SAM), scannán fada de chuid Joe Lawlor agus Christine Molloy, a tháinig amach in 2024.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht TG4 (18 Márta 2024). "Rose Dugdale". Dáta rochtana: 19 Márta 2024.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-03-18). "Rose Dugdale - banoidhre ó Shasana a bhí san IRA - básaithe" (as ga-IE). 
  3. Pat Butler (22 Márta 2024). "Dúcheist gan réiteach ab ea scéal Bridget Rose Dugdale" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-22.
  4. 4.0 4.1 Breandán M Mac Gearailt (11 Iúil 2023). "Saothar tathagach ag RTÉ faoi bhanoidhre agus gadaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  5. Lady Writing a Letter with her Maid le Vermeer
  6. Mairéad Ní Nuadháin (28 Deireadh Fómhair 2022). "Bhí saol ar a suaimhneas ag muintir Beit nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  7. "Baltimore (film)" (as en) (2024-03-06). Wikipedia.