Dún na Séad
| Baltimore (en) Dún na Séad (ga) | ||||
| Suíomh | ||||
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
| Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 377 (2006) | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Airde | 26 m | |||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Cruthú | 1607 | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód poist | P81 | |||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | 028 | |||
| Logainm.ie | 1416559 | |||
Baile cósta i gContae Chorcaí is ea Dún na Séad[1] (Baltimore as Béarla). D'eascair an leagan Béarla den logainm ó ainm Gaelach eile ar an áit, mar atá, Baile an Tí Mhóir. Bhí an baile ina dhaingean ag Muintir Uí Dhrisceoil, a bhí ina dtrádálaithe agus ina bhfoghlaithe mara sa cheantar sin tráth. Tá caisleán dá gcuid suite i lár an bhaile go fóill. Rinneadh athchóiriú air seo le déanaí agus is díol spéise do thurasóirí anois é.


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne foghlaithe mara ón Ailgéir an baile a ionsaí sa bhliain 1631, agus rug siad cuid mhór de mhuintir an bhaile ar ais chun na hAfraice leo mar sclábhaithe.
Bhí Rose Dugdale sa bhuíon a rinne creach ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin sa bhliain 1974. D’éalaigh sí as sin go tigín i measc na gcrann ar na bunchnoic sceirdiúla i nDún na Séad. Ach ní raibh na gardaí i bhfad ag breith ar Dugdale.[2][3]
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ionad mór turasóireachta é Dún na Séad. Tá cuid mhaith staire ag baint leis an áit agus tá sé ina lárionad iompair go dtí na hoileáin máguaird.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Baltimore" (R-A), scannán fada de chuid Joe Lawlor agus Christine Molloy, a tháinig amach in 2024.[4][3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Dún na Séad/Baltimore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (28 Deireadh Fómhair 2022). "Bhí saol ar a suaimhneas ag muintir Beit nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ 3.0 3.1 Pat Butler (22 Márta 2024). "Dúcheist gan réiteach ab ea scéal Bridget Rose Dugdale" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-22.
- ↑ "Baltimore (film)" (as en) (2024-03-06). Wikipedia.
