Fionnbarra Ó Cuilleanáin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 18 Feabhra 1941 |
| Bás | 26 Bealtaine 2024 83 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | sagart Caitliceach Rómhánach |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Sagart agus údar ba ea An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin (18 Feabhra 1941 - 26 Bealtaine 2024), ball den Chumann Misin na hAfraice.[1][2][3] Chaith an tAthair Fionnbarra go leor ama sna ceantair Ghaeltachta, ó Chúil Aodha, a chontae dúchais, go Toraigh i dTír Chonaill.
Chaith sé seal mar shagart paróiste ar Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall sna 1960idí sula ndeachaigh sé chun na hAfraice ar na misin sa Nigéir, sa Tansáin, i Ruanda agus sa Bhurúin.
Chuir sé an-spéis sna cultúir áitiúla le linn dó a bheith thar lear. Bhí bua na dteangacha aige agus d’fhoghlaim sé agus labhair sé teangacha na bpobal lenar mhair sé. Choimeád an tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin dialanna i nGaolainn agus é i mbun oibre san Afraic agus scríobh sé an leabhar An Bóthar Fada go Tamanrasset.[4][5][6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin SMA (Blackrock, Cork) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
- ↑ "An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Gael go smior a thuill gean is meas ó chách, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-29). Dáta rochtana: 2024-05-30.
- ↑ Cumann Misin na hAfraice (2024-05-27). "Fr Fionnbarra Ó’Cuilleanáin SMA [RIP} | Society of African Missions" (en-US). Dáta rochtana: 2024-05-30.
- ↑ Fionnbarra Ó Cuilleanáin (1990). "An bóthar fada go Tamanrasset" (as ga-IE). Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS).
- ↑ I mBealtaine na bliana 1979, bhí saoire faighte ag beirt sagart ó Éirinn; Fionbarra Ó Cuilleanáin SMA ó Chorcaigh agus Albert Nix, sagart ó Dheoise Luimní chun dul abhaile óna misin i dtuaisceart Nigeria. Bheartaigh siad gan dul ar eitleán chun na hEorpa mar ba nós leo roimhe sin ach ina áit sin dul trasna an tSahára go dtí cósta an Meánmhara
- ↑ "An Bothar fada go Tamanrasset | Litríocht" (en-US). Dáta rochtana: 2024-05-30.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |