John Barth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Barth
Author John Barth (46716317801).jpg
Saol
Eolas breitheCambridge, 27 Bealtaine 1930 (92 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Oideachas
Alma materScoil Juilliard
Ollscoil Johns Hopkins
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí agus múinteoir ollscoile
FostóiríOllscoil Johns Hopkins
Boston University
Ollscoil Buffalo
Pennsylvania State University (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Ealaíon agus Litríochta Mheiriceá
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
IMDbnm0058544

Scríbhneoir iar-nua-aoiseach Meiriceánach is ea John Simmons Barth, a rugadh ar 27 Bealtaine 1930 in Cambridge, Maryland. Tá sé aitheanta mar dhuine de na príomhphearsana ag scríobh meitificsin sna Stáit Aontaithe.

Rinne John Barth staidéar ar feadh tamall sa Scoil Juilliard, scoil cheoil, i gCathair Nua-Eabhrac agus ansin in Ollscoill Johns Hopkins in Baltimore, Maryland. Bhronn an scoil seo céim baitsiléara air sa bhliain 1950 agus céim máistreachta sa bhliain 1951.

Bronnadh an National Book Award air sa bhliain 1973 as an úrscéal sin leis, Chimera. Chaith sé blianta ina ollamh le Béarla, in Pennsylvania State University ó 1953 go 1965, in State University of New York in Buffalo ó 1965 go 1973 agus in Johns Hopkins ó 1973 go 1995. D'éirigh sé as an múinteoireacht sa bhliain 1995.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]