Arno Allan Penzias
Jump to navigation
Jump to search
Réaltfhisiceoir a saolaíodh i München na Gearmáine is ea Arno Allan Penzias (1933-).
D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe i saotharlanna Bell. I 1963, nuair a bhí sé féin is a chomhghleacaí Robert Wilson ag mionscrúdú an fhothram raidió a bhí ag cur isteach ar chumarsáid Domhain/saitilíte/Domhain, tháinig siad ar an iarmhar radaíochta i gcúlra an teasa fhíordhéin ón Ollphléasc ag tús na Cruinne.
Ba é seo an radaíocht chosmach mhicreathonnach chúlrach a réamhinis George Gamow is Ralph Alpher i 1948.
Le Pyotr Kapitsa is Robert Wilson, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1978 as.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |