Cosmeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cosmeolaíocht

Eolaíocht is ea an Chosmeolaíocht a chuimsíonn a bhfuil ar eolas faoi bhunús agus éabhlóid na Cruinne. Chruthaigh an réalteolaí Meiriceánach Edwin Hubble i 1929 go bhfuil an Chruinne ag forleathnú agus ag fairsingiú, agus na réaltraí go léir ag druidim amach óna chéile. Samhlaítear gur thosaigh an fairsingiú ó phoncstaid fhíordhlúth de dhamhna uile na Cruinne leis an Ollphléasc, agus ríomhtar 10,000-20,000 milliún bliain mar aois na Cruinne.

Ó 1990 tá staidéar á dhéanamh le spásteileascóp Hubble ag réalteolaithe san Astráil is California ar ollnóvaí geala de chineál ar leith ag faid éagsúla uainn, agus mar sin d'aoiseanna éagsúla ó thús ama. Thomhais siad luas a gcúlaithe trí bhíthin an deargaistrithe. Cé go raibh siad ag súil le luasmhoilliú ar an bhfairsingiú, de bharr imtharraingt na reann agus an ábhair amuigh sa spás mar shampla, faoi 1998 chinntigh siad nárbh é sin a bhí á fhionnadh acu ar chor ar bith ach a mhalairt. Chinntigh siad go bhfuil fairsingiú na Cruinne ag tapú an t-am ar fad. Rinneadh tomhais nua ar an gcnapánacht sa radaíocht chúlrach mhicreathonnach, le brathadóirí a ardaíodh os cionn an Antartaigh le balúin. Is comhartha a d'éirigh as an Ollphléasc féin an radaíocht seo, agus braitheann a hairíonna ar an luath-Chruinne.

Roimhe sin bhí siad cinnte go leor nár sholáthair adaimh na Cruinne inbhraite ach 5% ar éigin den mhais ba ghá a bheith sa Chruinne chun go moilleodh is go stopfadh imtharraingt ábhar na Cruinne an fairsingiú. Sholáthair cnapánacht na radaíochta fianaise go bhfuil suas le 65% de mhais na Cruinne ag teacht ina cháithníní rúnda atá mar dhamhna dorcha, agus go bhfuil sé sin ag feidhmiú mar a bheadh frithimtharraingt, ag cinntiú go leanfaidh agus go luasghéaróidh an fairsingiú go deo. Thar am, mar sin, timpeall 10,000 milliún bliain, imeoidh na réaltraí go léir as radharc. Abhacréalta bán gan teas gan solas a bheidh sa Ghrian, agus pé rian den Domhan a bheidh fágtha, beidh sé greamaithe i gCruinne ollmhór fhuar dhorcha uaigneach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cosmeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 175.