Spásteileascóp Hubble
Teileascóp is ea Spásteileascóp Hubble a scaoileadh chun bealaigh ar 24 Aibreán 1990, agus é ag timpeallú an domhain ó shin i leith.
Is féidir leis an spásteileascóp Hubble íomhánna i bhfad níos fearr de na réaltaí agus na reanna neimhe eile a thabhairt dúinn ná leis na teileascóip atá suite ar dhroim an domhain, ó nach bhfuil aer an atmaisféir ag cur isteach air, agus é thuas sa spás. Tá Hubble tar éis na híomhánna is fearr riamh[1] a thabhairt dúinn ar na réaltaí, grianchóras agus réaltraí atá fad uainn.[2][3]
Ní hé spásteileascóp Hubble an chéad teileascóp den chineál seo, ach is é an ceann is mó a chuir le heolas an chine dhaonna ar an domhainspás.[4]
An t-aon fhadhb ná má théann aon rud mícheart leis an teileascóp, tá sé an-dhaor chun é a dheisiú. Caithfidh tointeálaí spáis dul ann chun na deisiú a dhéanamh.
Fionnachtana[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Thaispeáin Hubble dúinn go bhfuil b'fhéidir thart ar thrilliún réalta ann.[5] Agus tá breis agus 100 billiún réaltra ar nós Andromeda sa chruinne ar fad, is cosúil.[6]
- Tháinig Hubble ar ghealach nua ar fithis mórthimpeall ar an bpláinéad Neiptiún i 2014, an pláinéad gorm‑uaine sin atá i bhfad i gcéin.
Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá mais 11,110 kg ag Spásteileascóp Hubble.[7]
Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an spásteileascóp seo ainmnithe as Edwin Hubble, réalteolaí Meiriceánach a bhí ina cheannródaí i dtaighde na réaltraí.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ NÓS. "“Na billiúin domhan aisteach” súil siar 4 bhilliún solasbhliain" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-04-24.
- ↑ scienceteacher.ie. "The-Hubble-Telescope-literacy-task-Gaeilge". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Daveachuk ar Youtube. "Gigapixels of Andromeda [4K]". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ dias.ie. "Cé chomh neamhghnách is atá an Domhan?". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ NÓS. "Tá sé seo ar na grianghraif is mó riamh Cuirfidh sé do sheacht iontais ort" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-04-24.
- ↑ Daveachuk ar Youtube. "Gigapixels of Andromeda [4K]". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ examinations.ie. "Hubble". Dáta rochtana: 2020.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |