Radaíocht chúlrach mhicreathonnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tháinig Penzias is Wilson ar an radaíocht chúlrach mhicreathonnach sa saotharlann seo

Tháinig Arno Penzias agus Robert Wilson ar an radaíocht seo de thaisme ar an 20 Aibreán 1965, agus iad ag obair ar aeróga teileachumarsáide, ag iarraidh siosarnach fothraim sa chóras glactha a réiteach. Chruthaigh siad gur fíorchomhartha a bhí á ghlacadh acu, ag teacht ar domhan ón spás amuigh.

Ó aimsir Hubble sna 1920idí bhí a fhios go raibh na réaltraí ag cúlú uainn is ó chéile. Mar sin, ó iarmhairt Doppler, bheadh tonnfhaid na radaíochta a d'astaigh siad is iad níos óige laghdaithe, b'fhéidir síos don raon micreathonnach. Micreathonnta sa raon aistrithe seo a bhraith Penzias is Wilson.

Thomhais an tsaitilít COBE an radaíocht seo níos iomláine, agus thaispeáin gur radaíocht dúchoirp í le teocht 2.73 K, gurbh iarmhar iontaisithe na hOllphléisce í, is go raibh mionathruithe sa teocht mar thoradh ar dhifríochtaí i ndlús na luath-Chruinne a chuir tús, ar a seal, leis na réaltraí.

Arno Penzias and Robert Wilson

Bronnadh an Duais Nobel ar Arno Penzias agus Robert Wilson i 1978.