Imtharraingt chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhú na himtharraingthe ar scálaí fad fo-mhicreascópach nuair a thagann iarmhairtí candamacha i bhfeidhm go sonrach. Déanann na teoiricí imtharraingthe candamaí iarracht airí na meicnice candamaí is na coibhneasachta ginearálta a chuingriú. I dteoiric mar seo, tarlaíonn idirghníomhú imtharraingteach trí idirmhalartú graibheatón, ar candam tairgthe na himtharraingthe é an graibheatón. Ní bhfuarthas aon chruthú turgnamhach ar a leithéid d'idirghníomhú fós, ná níor saothraíodh teoiric chomhsheasmhach air ach an oiread.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Imtharraingt chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 367.