Teileachumarsáid

Is éard is teileachumarsáid ann ná cumarsáid trí chábla nó trí raidió. Tá an tIdirlíon ar na samplaí is suntasaí den teileachumarsáid phoiblí, agus é ag iompar glaonna gutháin chomh maith le sonraí ríomhaireachta.
Tá idir theileachumarsáid analógach agus theileachumarsáid digiteach ann.

Úsáidtear an téarma "an míle deiridh" i ngeall ar an gcóras analógach, téarma a bhaineann leis an gcuid den chóras atá ina nasc idir an malartán agus an custaiméir. Iompraíonn an chuid dhigiteach na milliúin glaoch agus sonraí.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |