Aois na Cruinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa chosmeolaíocht fhisiciúil, tugtar aois na cruinne ar an tréimhse ama ón Ollphléasc go dtí an lá inniu. An réalteolaí cáiliúil Meiriceánach Edwin Hubble a fuair amach i 1923 go raibh réaltraí taobh amuigh dár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, agus go raibh siad ag leathnú amach uainn an t-am ar fad. As seo chuir sé tús leis an tuiscint gur thosaigh an Chruinne le pléasc ollmhór, ar thug an réalteolaí Sasanach Fred Hoyle an Ollphléasc air, a tharla timpeall 20,000 milliún bliain ó shin. Cuid bhunúsach den tuiscint seo is ea an ráta ag a bhfuil an Chruinne ag forbairt, ráta tairiseach ar a dtugtar tairiseach Hubble. Níl an tuiscint nó an teoiric seo iomlán. Mar shampla, meastar nach bhfuil ach 1% den mhais ba chóir a bheith sa Chruinne aimsithe fós, agus gur féidir go bhfuil an 99% eile dofheicthe in abhacréaltaí dearga is dúphoill. Aisteach go leor, tá torthaí ar thomhais a rinne spásteileascóp Hubble ag teacht salach ar chuid den teoiric seo. Mar shampla, tá réaltra amháin, M100 i mbraisle réaltraí na Maighdine, i bhfad níos gaire dúinn ná mar a cheaptaí, agus is mó ar fad tairiseach Hubble de réir na dtomhas nua seo. Níor aimsigh an spásteileascóp mórán abhacréaltaí dearga in aon chor. Mar sin, is mó an mhistéir faoin easpa maise, agus d'fhéadfadh aois na Cruinne a bheith i bhfad níos lú ná mar a cheaptaí, chomh beag le 8,000 milliún bliain. Mar thoradh air seo tá na cosmeolaithe trína chéile agus teoiric na hOllphléisce á ceistiú, á ceartú is á beachtú acu an t-am ar fad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aois na Cruinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 43.