Damhna dorcha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar é damhna dorcha sa Chruinne a chreidtear a bheith ann ach nach bhfuil sé aimsithe fós ag eolaithe. Is tríd an méid seo a leanas a thomhas a dhéantar amach an mhais a bhíonn i réaltra: luas na réaltaí ina bhfithisí thart ar lár an réaltra. Ar an tslí chéanna a fhaightear amach mais braisle réaltraí: .i. ó luas na réaltraí thart ar lár na braisle.

Trí na meastacháin sin a dhéanamh a fhaightear amach mais iomlán na Cruinne: is amhlaidh a bhíonn sí seo idir cúig huaire agus deich n-uaire chomh mór le suim mhais na réaltaí infheicthe sa Chruinne. Déantar amach dá bhrí sin go bhfuil an-chuid de mhais na Cruinne atá dofheicthe. Seans gur dúphoill agus abhacréaltaí donna atá i gcuid den damhna dorcha sin, agus meastar freisin gur féidir gur cáithníní fo-adamhacha nár aithníodh fós, an chuid eile de.