Jump to content

Cruinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an chruinne ag forleathnú

Ár ndomhan, chomh maith leis an nGrianchóras, na réaltaí is na réaltraí go léir, is ea an chruinne[1] (tugtar an cosmosan mhórchruinne freisin uirthi). Taobh istigh den ghrianchóras, tá ár réalta, ar a dtugtar an ghrian, 8 bpláinéad-ina measc an domhan seo againne, na gealacha a théann mórthimpeall na bpláinéad, na hastaróidigh is na cóiméid.[2] Is ball den réaltra ar a dtugtar Bealach na Bó Finne an grianchóras, agus go ginearálta is cnuasach de réaltaí atá i ngach réaltra.

Is í samhail chaighdeánach na cruinne ná go bhfuil sí ag forleathnú, agus reanna na cruinne ag druidim amach óna chéile. Samhlaítear gur thosaigh an leathnú ó phoncstaid fhíordhlúth de dhamhna uile na cruinne leis an Ollphléasc.

Tugann teoiric na hOllphléisce míniú ar bhunús agus ar fhorbairt na cruinne. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Edwin Hubble a chruthaigh sa bhliain 1929 go bhfuil an chruinne ag forleathnú. De réir a theoirice siúd, agus ó thomhas an deargaistrithe i gcásanna éagsúla reann neimhe is fad na reann céanna ón domhan, ríomhtar 10,000-20,000 milliún bliain mar aois na cruinne.

Creidtear go bhfuil trastomhas de 93 billiún solasbhliain ag an gcruinne ar a bheag.[3]

Tá teoiricí éagsúla ag teacht chun tosaigh, ina mholann fisiceoirí nach bhfuil ár gCruinne uathúil ach go bhfuil sí ina ceann amháin, i measc go leor eile.

an chruinne ag forleathnú go deo ?

Níl na réalteolaithe ar aon aigne faoi thodhchaí na cruinne. Tá moladh amháin a deir go leanfaidh sí ag forleathnú go deo, cruinne oscailte. Tá moladh eile a shamhlaíonn an chruinne iata, ionas go dtiocfaidh an forleathnú chun deiridh am éigin amach anseo agus go gcrapfaidh sí ar ais chuig an bponcstaid bhunúsach le hollchnagadh tar éis 50,000- 60,000 milliún bliain. De réir a chéile, is troime an fhianaise i bhfabhar na cruinne oscailte.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ""cruinne"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 
  3. "Observable universe" (as en) (2020-05-18). Wikipedia.