Seán de Briotún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó John Bruton)
Infotaula de personaSeán de Briotún

(2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Bealtaine 1947
76 bliana d'aois
Dún Búinne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ambassador of the European Union to the United States (en) Aistrigh
24 Samhain 2004 – 31 Deireadh Fómhair 2009
← Günter Burghardt
Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 31 Deireadh Fómhair 2004
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Ceannaire an Fhreasúra
26 Meitheamh 1997 – 9 Feabhra 2001 – Micheál Ó Nuanáin →
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
30 Samhain 1996 – 3 Nollaig 1996
← Michael LowryAiléin de Diúc →
10 Taoiseach
15 Nollaig 1994 – 26 Meitheamh 1997
← Ailbhe Mac RaghnaillParthalán Ó hEachthairn →
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Ceannaire Fhine Gael
21 Samhain 1990 – 9 Feabhra 2001
← Ailéin de DiúcMicheál Ó Nuanáin →
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

29 Eanáir 1990 – 11 Márta 1991
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Minister for the Public Service (en) Aistrigh
20 Eanáir 1987 – 10 Márta 1987
← Ruairí Ó CuinnAiléin de Diúc →
An tAire Airgeadais
14 Feabhra 1986 – 10 Márta 1987
← Ailéin de DiúcRéamann Mac Searraigh →
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
13 Nollaig 1983 – 14 Feabhra 1986
← Gearóid Mac GearailtMicheál Ó Nuanáin →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
14 Nollaig 1982 – 13 Nollaig 1983
← Ailbhe Mac RaghnaillRisteard Mac An Earraigh →
Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

An tAire Airgeadais
30 Meitheamh 1981 – 9 Márta 1982
← Gene FitzgeraldRéamann Mac Searraigh →
Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, aire rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
SiblínRichard Bruton
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjohnbruton.com Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Seán de Briotún John BrutonTaoiseach na hÉireann. Rugadh é ar an 18 Bealtaine 1947. Ba Aire é i rialtais na dTaoiseach Liam Mac Cosgair agus Gearóid Mac Gearailt. Chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais (1981-1982 agus 1986-1987). Ba é an Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1982 agus 1986. Ceapadh é mar cheannaire ar Fhine Gael sa bhliain 1990 agus bhí sé ina Thaoiseach ó 1994 go 1997 nuair a bhí Comhrialtas Bhogha Ceatha (Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus An Chlé Dhaonlathach) istigh.

Toghadh é mar Theachta Dála don chéad uair sa bhliain 1969 i ndáilcheantar na agus aththoghadh é ag gach olltoghchán go dtí gur éirigh sé as polaitíocht na hÉireann sa bhliain 2004. Bhí sé mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh chuig Na Stáit Aontaithe Mheiriceá idir 2004 agus 2009. Is iar-Leas-Uachtarán Pháirtí na bPobal Eorpach é freisin. Tá sé pósta le Finola Bruton agus tá ceathrar clainne acu.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dhuine clainne é de Briotún i dteaghlach rachmasach feirmeoireachta i nDún Búinne, Contae na Mí. Oileadh é i gColáiste Clongowes Wood.

De réir leabhair Oliver Coogan, Politics and War in Meath 1913-23 (An Pholaitíocht agus an Cogadh i Mí 1913-23) ba é seanathair de Briotún duine de na feirmeoirí a chuir an Chinsealacht Angla-Éireannach ón a seilg sa cheantar nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl.

Bhain de Briotún céim BA amach ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus cháiligh sé mar abhcóide níos déanaí ach níor oibrigh sé sa ghairm sin riamh. Toghadh é do Dháil Éireann in olltoghchan na bliana 1969 mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael. Ní raibh sé ach 22 bhliain d'aois nuair a toghadh é. Dhúbláil sé a chuid vótaí sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1973 agus ceapadh é mar Rúnaí Parlaiminte don Aire Tionscail agus Trádála agus don Aire Oideachais. Bhí an bua ag an gComhrialtas Náisiúnta (Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre) san olltoghchán agus mhair an rialtas go dtí 1977.

Sa Chomh-aireacht Chúil agus in Oifig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Briseadh Fine Gael as oifig tar éis olltoghcháin 1977 agus ceapadh de Briotún mar urlabhraí talmhaíochta. Níos déanaí, thug Gearóid Mac Gearailt, ceannaire nua an pháirtí, ardú céime dó nuair a cheap sé é mar urlabhraí airgeadais. Thug sé óráid éifeachtach sa Dáil tar éis cáinaisnéise 1980. Bhí sé chun tosaigh i bhfeachtas Fhine Gael roimh olltoghchán 1981. Tháinig comhrialtas idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre isteach tar éis an olltoghcháin agus ceapadh de Briotún mar Aire Airgeadais nuair nach raibh sé ach 34 bliain d'aois. Bhí ar an rialtas nua fáil réidh leis a ngeallúintí agus iad ag déileáil leis na deacrachtaí airgeadais a bhí ag an stáit. Thit an rialtas as a chéile gan choinne ar an 27 Eanáir 1982 nuair a dhiúltaigh an Dáil le cáinaisnéis chonspóideach an Bhriotúnaigh. Vótáil an TD neamhspleách sóisialach Jim Kemmy in éadan na cáinaisnéise mar gheall ar an gcáin bhreisluacha a bhí de Briotún ag iarraidh a chur ar bhróga leanaí. Bhí an bua ag Fianna Fáil san olltoghchán a tharla i mí Feabhra 1982.

Na 1980í[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre istigh arís tar éis olltoghcháin eile i Mí na Samhna 1982. Tugadh an Roinn Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta do de Briotún. Baineadh cuid dá chúraimí dó an bhliain dár gcionn (1983). D'fhill sé go dtí an Roinn Airgeadais sa bhliain 1986 ach ní raibh seans aige cáinaisnéis a chur roimh an Dáil. D'aistarraing Páirtí an Lucht Oibre ón rialtas mar ní raibh na páirtithe ábalta cáinaisnéis a shocrú agus theip ar an rialtas.

Buaileadh Fine Gael go dona in olltoghchán 1987, D'éirigh Gearóid Mac Gearailt as mar cheannaire díreach tar éis an toghcháin. Bhí de Briotún, Ailéin de Diúc agus Peadar de Barra san iomaíocht sa toghchán ceannaireachta. Bhí an bua ag de Diúc, fear ar an eite shóisialach dhaonlathach den pháirtí. (Bhí de Briotún ar an eite Chríostaíoch Dhaonlathach). Níor éirigh rómhaith le de Diúc agus bhí air éirí as mar cheannaire tar éis toraidh uafásaigh in olltoghchán uachtaránachta 1990. Ceapadh de Briotún, leascheannaire an pháirtí, mar cheannaire gan teachta ag cur ina aghaidh.

Ceannaire an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh de Briotún ar an eite choimeádach d'Fhine Gael, ba é an chéad polasaí a chur sé chun cinn na go n-athrófaí an bunreacht chun colscartha a cheadú.

Bhí meath ar Fhine Gael ar feadh 10 mbliain ón olltoghchan i Mí na Samhna 1982 nuair a fuair siad 70 suíochán agus nuair ní raibh ach bearnán 5 shuíochán idir an páirtí agus Fianna Fáil. Ceapadh go láidreofaí an páirtí agus de Briotún mar cheannaire tar éis ceannaireachta mhírathúil de Diúc. Cuireadh a persona mar fhear na h-eite dheis agus mar fhear na tuaithe ina leith, áfach, go háirithe san meáin cumarsáide.

Bhí giúmar frith-Fhianna Fáil sa tír ag olltoghchán 1992. Chaill Fianna Fáil roinnt suíochán ach chaill Fine Gael suíocháin freisin. Bhí an toradh is fearr riamh ag Páirtí an Lucht Oibre le 33 shuíochán, i gcomparáid leis na 45 shuíochán a fuair Fine Gael. Bhí ionadh ar an bpobal nuair a bunaíodh comhrialtas idir an Lucht Oibre agus Fianna Fáil. Ba bhuille mór do de Briotún agus d'Fhine Gael bheith fagtha sa bhfreasúra arís, Bhí Fine Gael ag titim i léig san pobalbhreitheanna agus rinneadh iarracht an cheannaireacht a bhaint ó de Briotún. Láidríodh de Briotún nuair a bhuaigh a páirtí dhá fhothoghchán agus nuair a d'éirigh go maith leis an bpáirtí ag an toghchán Eorpach 1994. D'imphléasc an rialtas níos déanaí sa bhliain 1994 agus bunaíodh Comhrialtas Bhogha Ceatha (Fine Gael, Lucht Oibre agus an Chlé Dhaonlathach) le de Briotún mar Thaoiseach,

Taoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chroch de Briotún pictiúr de John Redmond ina oifig nuair a ceapadh é mar Thaoiseach. Ba é an chéad Taoiseach nach raibh go h-iomlán ó thraidisiún Shinn Féin 1917-1922. Chroch sé pictiúr de Seán Lemass freisin.

D'éirigh go maith le rialtas an Bhogha Ceatha agus d'éirigh go h-an-mhaith le de Briotún mar Thaoiseach. D'oibrigh na trí pháirtí sa rialtas go maith lena chéile, d'ainneoin go raibh mórán cainte maidir le droch-chaidreamh idir de Briotún agus Risteard Mac An Earraigh, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.

D'éirigh leis an rialtas Bunreacht ne hÉireann a athrú chun colscartha a cheadú.

Bhí an próiséas síochána sa Tuaisceart go mór chun tosaigh i rith thaoiseacht de Briotúin. I mí Feabhra 1995 d'fhoilsigh de Briotún agus John Major, príomhaire na Breataine, an "Chreat-Cháipéis" Angla-Éireannach. Phlé an cáipéis conas a shocrófaí an comhcaidreamh idir Éire agus an Bhreatain. Cáineadh de Briotún as bheith ró-bháúil do na hAontachtóirí ach cháin de Briotún rialtas na Breataine go géar freisin, go háirithe nuair a bhí drogall ar rialtas na Breataine déileáil le Sinn Féin i rith sos cogaidh an IRA (1994 - 1997).

Bhí caidreamh oibre sásúil idir de Briotún agus Gearóid Mac Ádhaimh, ceannaire Shinn Féin ach tháinig strus ar an gcaidreamh sa bhliain 1996 nuair a chuir an tIRA deireadh leis an sos cogaidh le pléasc i Londain. Chuaigh an caidreamh in olcas tar éis dúnmharaithe Garda Jerry McCabe i gContae Luimnigh agus tar éis pléisce eile i Manchain, Shasana. Cé gur cháin sé Sinn Féin go géar, níor chuir sé deireadh leis na cainteanna idir rialtas na hÉireann agus Sinn Féin. Mhol sé nach ligfí Sinn Féin isteach sna cainteanna idirpháirtí go dtí go raibh sos cogaidh i bhfeidhm arís, áfach. Moladh de Briotún go mór tar éis dhó an RUC a cháineadh ó thaobh an cheada a thug siad do mhórshiúl de chuid an Oird Óráistigh tríd cheantar Náisiúnach. Dúirt sé nach raibh an RUC neamhchlaonta nó comhsheasmhach agus iad i mbun a gcuid dualgas. Chuir fearg an Bhriotúnaigh teannas ar an gcaidreamh idir an rialtas i mBaile Átha Cliath agus an rialtas o Londain. Chuir an tIRA sos cogaidh nua ar bun go gairid tar éis an olltoghcháin 1997 a chuir deireadh le téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach.

Tháinig rialtas de Briotúin isteach ag tús ré an "Tíogair Ceiltigh". D'fhás geilleagar na hÉireann 2.7% sa bhliain 1993 ach d'fhás sé ar mheanráta 8.7% i rith téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach.

D'éirigh go maith leis agus é i gceannas ar Uachtaránacht Éireannach an Aontais Eorpaigh sa bhliain 1996 agus chabhraigh sé le socrú an Chomhaontú Cobhsaíochta agus Fáis, a leagann amach na paraiméadair maicreacnamaíocha do na tíortha atá páirteach san Euro. Thug de Briotún óráid do Chomhdháil na Stát Aontaithe ag 11 Meán Fómhair, 1996.

Bhí ar an tAire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide, Michael Lowry, éirí as oifig i mí na Samhna, 1996, nuair a scaoileadh amach gur íoc an fear gnó, Ben Dunne, as costas obair tógála ar a theach cónaithe. D'éirigh Lowry as Fine Gael tar éis fógartha de Briotúin nach mbeadh sé ina iarrthóir de chuid Fhine Gael ag an gcéad olltoghchán eile. D'éirigh an tAire Sóisear sa Roinn Airgeadais, Phil Hogan as oifig i Mí Feabhra 1995 tar éis dó eolas faoin gcáinaisnéis a scaoileadh amach go luath.

Tar Éis a Théarma Taoiseachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síleadh go mbeadh an bua ag an gcomhrialtas san olltoghchán sa bhliain 1997 ach, cé gur bhuaigh Fine Gael 9 suíochán sa bhreis, chaill Páirtí an Luch Oibre 16 shuíochán agus tháinig comhrialtas nua idir Fhianna Fail agus an Páirtí Daonlathach isteach.

Tháinig meath ar Fhine Gael agus an páirtí sa bhfreasúra arís. Thug an páirtí an bóthar do de Briotún sa bhliain 2001 ach bhí tubaiste ag an bpáirtí in olltoghchán 2002 agus Micheál Ó Nuanáin i gceannas air.

Bhí de Briotún i gcónaí go mór i bhfabhar lánpháirtiú na hEorpa agus roghnaíodh é mar cheann den dhá theachta parlaiminteach Éireannach do Choinbhinsiún na hEorpa a chuidigh le dréachtú Bhunreacht na hEorpa. D'éirigh sé as mar Theachta Dála ar an 31 Deireadh Fómhair 2004 tar éis dhó bheith ceaptha mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh do na Stáit Aontaithe.

Fógraíodh ar 29 Deireadh Fómhair 2009 go raibh suim aige in Uachtaránacht na Comhairle Eorpach, post nua a bhí le cruthú tar éis cur i bhfeidhm Conradh Liospóin.

Is polaiteoir de chuid Fhine Gael é a dheartháir, Richard Bruton.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]