Joe Kinnear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Kinnear

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Joseph Patrick Reddy
27 Nollaig 1946
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Aibreán 2024
77 bliana d'aois
Mill Hill, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNéaltrú soithíoch
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCosantóir
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1965–1975 Tottenham Hotspur Football Club 196(2)
1975–1976 Brighton & Hove Albion F.C. 16(1) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1967–1975   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann 26(0) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
Doncaster Rovers F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Peileadóir sacair ba ea Joe Kinnear (27 Nollaig 1946 – 7 Aibreán 2024) a d'imir ina chosantóir le foireann idirnáisiúnta sacair na hÉireann; d’imir 26 babhta le foireann na tíre.[1]

Tottenham Hotspur F.C.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mBaile Átha Cliath a rugadh Joe Kinnear. Cailleadh a athair ina óige agus chuaigh a mháthair agus a cúigear clainne ar imirce go Watford ó thuaidh de Londain nuair nach raibh Joe ach 8 mbliana.

Chaith sé 10 mbliana i mbun a cheirde le Tottenham Hotspur i Londain, áit ar bhuaigh sé Corn UEFA, Corn an FA agus Corn na Sraithe faoi dhó. D’imir sé 258 babhta le Spurs sula mb’éigean dó éirí as de bharr drochghortú.[1]

Chuaigh sé leis an mbainistíocht ina dhiaidh sin agus mairfidh a cháil ina cheann feadhain ar Wimbledon sna 1990í nuair a baistíodh an 'Crazy Gang’ ar an gcumann. Bhí sé i gceannas nuair a bhain an cumann amach an 6ú háit sa tSraith i 1994 nuair a shaothraigh sé féin gradam Bhainisteoir na Bliana.

Chríochnaigh Wimbledon i measc an 10 fhoireann is airde faoi dhó sa bPríomhroinn ina theannta sin. Ach d’éirigh Joe Kinnear as de bharr taom croí i 1999. Nuair a tháinig biseach air chuaigh sé i mbun bainistíochta ar Luton Town, ansin ar Nottingham Forest, agus ar feadh seal ar Newcastle United.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug a bhean chéile Bonnie le fios i 2021 go raibh 6 bliana caite aige ag streachailt le néaltrú.[1] Bhásaigh sé ar an 7 Aibreán 2024; 77 a bhí sé.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-04-08). "Joe Kinnear, iar-imreoir le Éirinn, básaithe" (as ga-IE).