Jump to content

Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Poblacht na hÉireann
Culaith
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
CumannFAI
ComhaontasUEFA
Cód FIFA:IRL
Leasainm:Na Buachaillí i nGlas (The Boys in Green)
Bainisteoir Heimir Hallgrímsson
An imreoir is mó a roghnaíodhRobbie Keane (146)
PríomhscórálaíRobbie Keane (68)
StaidiamStaidiam Aviva
Rangú FIFA55ú
An chéad chluiche idirnáisiúnta
Éire 1 - 0 An Bhulgáir
Colombes, An Fhrainc; 28 Bealtaine 1924
Toradh is fearr
Éire 8 - 0 Málta
Baile Átha Cliath, Éire; 16 Samhain 1983
Toradh is measa
An Bhrasaíl 7 - 0 Éire
Uberlândia, An Bhrasaíl; 27 Bealtaine 1982
Corn an Domhain
Páirteachas 3 (Céad i 1990)
Toradh is fearr Ceathrú ceannais, 1990
Craobh na hEorpa
Páirteachas 3 (Céad i 1988)
Toradh is fearr Babhta le 16, 2016

Is í foireann peile náisiúnta Phoblacht na hÉireann a dhéanann ionadaíocht do Phoblacht na hÉireann i gcomórtais sacair. Tá an fhoireann náisiúnta faoi stiúir Cumann Peile na hÉireann agus imrítear a gcluichí baile sa Staidiam Aviva i mBaile Átha Cliath.

Cháiligh an fhoireann dá gcéad mhórchomórtas sa bhliain 1988 nuair a shroicheadar Craobh na hEorpa sa Ghearmáin. Bhí bua cáiliúil acu in aghaidh Shasana sa chomórtas seo, agus rinneadh laochra de na peileadóirí mar thoradh. Cháiligh siad do Chraobh na hEorpa arís sa bhliain 2012 agus 2016 agus do Chorn Sacair an Domhain sna blianta 1990, 1994 agus 2002.

Imríonn an fhoireann ag imirt a gcluichí baile sa Staidiam Aviva, áis a roinneann siad le foireann rugbaí na hÉireann. Roimhe sin, d'imir an dá fhoireann i bPáirc an Chrócaigh mar shocrú sealadach, fad agus a bhí athfhorbairt á dhéanamh ar pháirc Bhóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath, mar a thugaí air.

Is é Staidiam Aviva ceanncheathrú an IRFU chomh maith, eagraíocht stiúrtha rugbaí in Éirinn. D'imir an fhoireann sacair a chéad chluiche sa staid seo i gcoinne na hIodáile sa bhliain 1971. Roimhe seo, bhíodh cluichí á imirt bPáirc Cnocán Uí Dhálaigh.

Fuair Troy Parrott cúig chúl in dhá chluiche, Samhain 2025, Corn FIFA an Domhain 2026 - Grúpa Cáilithe F de chuid UEFA

Ba tuairim leath bealaigh trí ré bainistíochta Jack Charlton (1986-1996) a shroich foireann sacair na hÉireann an runga ab airde ariamh acu ar dhréimire fiúntais FIFA – an séú háit i 1993.[1] Ón am ar chríochnaigh ré órga Charlton go dtáinig deireadh le réimeas Martin O’Neill in 2018, ba i measc an scór nó tríocha foireann ar bharr an tábla a bhíodh Éire. Ach in 2025, sa 62ú háit ar domhan a bhí Éire.[2]

Is iad Stephen Kenny agus Heimir Hallgrímsson na bainisteoirí is deireanaí i gceannas – go dtí seo d’imir a gcuid foirne i 38 cluiche i gcomórtais de chuid UEFA/FIFA. Naoi gcinn acu sin a bhuadar.

Baineann cuid den mheath leis an gcaoi a bhfuil leagan amach an tsacair athraithe ó bhonn ó aimsir Jack Mór. Tá baint nach beag ag an rath atá tagtha ar Premiership Shasana ó bunaíodh sin i 1992 leis an scéal.

Sa lá atá inniu ann is é an Premier League an tsraith is saibhre agus is tarraingtí ar domhan. Seachtar Éireannach a bhí ina measc in 2025 – díobh siúd ag Nathan Collins agus ag Caoimhín Kelleher amháin atá áiteanna buana ar fhoirne a gclubanna.[1]

Cuir sin i gcomparáid leis an am a raibh foirne na hÉireann ar thús cadhnaíochta. Imreoirí Príomhroinne ar fad (Sasana/Albain) a bhí ar an bpáirc ag Charlton sa mbua ar an Iodáil i gCorn an Domhain 1994. Deich mbliana fichead roimhe b’amhlaidh, nach mór, a bhí ar Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh nuair a bhuaigh Johnny Giles agus a chomrádaithe ar fhoireann de chuid na Spáinne a raibh a gcuid peileadóirí ag imirt do chlubanna móra na tíre sin, Bilbao, Athletico Madrid, Barcelona, Valencia agus  Zaragossa.

Bhí ceathrar as Manchester United a bhuaigh Sraith 1 an tséasúir sin ag Éirinn – Pat Dunne, Shay Brennan, Tony Dunne agus Noel Cantwell, mar aon le Giles (Leeds Utd), Andy McEvoy agus Mick McGrath (Blackburn) – ba é McEvoy príomhscórálaí Shraith Roinn 1 an séasúr sin. Le Bristol Rovers a bhí Joe Haverty ag imirt, formhór a shaoil caite aige le Arsenal, áit a ndeachaigh sé agus gan é ach 18 bliain.

Gheobhadh ceachtar den bheirt as Sraith na hÉireann a bhí ar an bhfoireann áit ar fhoirne móra an lae i Sasana. Go deimhin chaith Frank O’Neill (Ruagairí na Seamróige) cúpla bliain ansin le Arsenal gur fhill sé abhaile agus bhí Jackie Hennessy (Shelbourne) chomh hábalta céanna.

Fágann an Breatimeacht agus rialacha na hEorpa faoi chosaint leanaí nach ceadaithe d’imreoirí maithe óga na tíre seo an cosán a ghlac seisean a shiúl anois – bhí Nathan Collins ar an duine deireanach a rinne sin in 2016.

Deir Fenlon nach mór go mbeadh plúr na bpeileadóirí ag traenáil go lánaimseartha ó bhíonn siad 16 bliain. Níl deis anois acu dul thar lear le sin a dhéanamh agus bíonn siad taobh le clubanna na tíre seo. Ar ndóigh níl bealach faoi spéir go mbeidís siúd in acmhainn a leithéid a sheasamh.[1]

Stair chomórtais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Corn Sacair an Domhain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Poblacht na hÉireann ag Corn Sacair an Domhain

  • 1930 - Níor ghlac siad páirt
  • 1934 go 1986 - Níor cháiligh siad
  • 1990 - Cluiche ceathrúcheannais
  • 1994 - Babhta 2
  • 1998 - Níor cháiligh siad
  • 2002 - Babhta 2
  • 2006 go 2026 - Níor cháiligh siad

Craobh na hEorpa

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scórálaithe is fearr

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Uimhir Ainm Ós rud é Cúl Caipín
1. Robbie Keane 1998–2016 68 146
2. Niall Quinn 1986–2002 21 91
3. Frank Stapleton 1977–1990 20 71
4. Don Givens 1969–1981 19 56
John Aldridge 1986–1997 19 69
Tony Cascarino 1985–2000 19 88
7. Shane Long 2007–2021 17 88
8. Noel Cantwell 1953–1967 14 36
Jonathan Walters 2010–2018 14 54
Kevin Doyle 2006–2017 14 63

Iar-imreoirí cáiliúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scuaid faoi láthair

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Scuad le haghaidh na cluichí in aghaidh An Chosaiv, Iosrael agus An Ostair ar an 24ú agus an 27ú de Meán Fómhair agus an 1ú agus an 4ú de Deireadh Fómhair 2026.
# Ainm Ionad Dáta Breithe (aois) Club Caipín Cúl
Cúil Bháire
1 Caoimhín Kelleher CB 28 Samhain 1998 (1998-11-28) (27 bliain d'aois) Brentford 33 0
16 Max O'Leary CB 10 Deireadh Fómhair 1996 (1996-10-10) (30 bliain d'aois) West Brom 2 0
Cosantóirí
2 James Abankwah C 16 Eanáir 2004 (2004-01-16) (22 bliain d'aois) Udinese 5 0
3 Liam Scales C 8 Lúnasa 1998 (1998-08-08) (28 bliain d'aois) Celtic 17 1
4 Dara O'Shea
(Leaschaptaen)
C 4 Márta 1999 (1999-03-04) (27 bliain d'aois) Ipswich Town 46 0
5 Jake O'Brien C 15 Bealtaine 2001 (2001-05-15) (25 bliain d'aois) Everton 18 0
12 Liam Kitching C 25 Meán Fómhair 1999 (1999-09-25) (27 bliain d'aois) Sheffield United 0 0
13 Joel Bagan C 3 Meán Fómhair 2001 (2001-09-03) (25 bliain d'aois) Cardiff City 0 0
15 John Egan C 20 Deireadh Fómhair 1992 (1992-10-20) (33 bliain d'aois) Hull City 39 3
18 Ryan Manning C 14 Nollaig 1998 (1998-12-14) (27 bliain d'aois) Southampton 23 0
23 Jimmy Dunne C[lower-alpha 1] 19 Deireadh Fómhair 1997 (1997-10-19) (28 bliain d'aois) QPR 3 0
Imreoirí lár páirce
6 Jayson Molumby LP 6 Lúnasa 1999 (1999-08-06) (27 bliain d'aois) West Brom 37 0
8 Jason Knight LP 13 Feabhra 2001 (2001-02-13) (25 bliain d'aois) Bristol City 44 1
11 Finn Azaz LP 7 Meán Fómhair 2000 (2000-09-07) (26 bliain d'aois) Southampton 15 1
14 Conor Coventry LP 25 Márta 2000 (2000-03-25) (26 bliain d'aois) Charlton Athletic 4 0
22 Killian Phillips LP 30 Márta 2002 (2002-03-30) (24 bliain d'aois) St Mirren 4 0
Bosun Lawal LP 30 Bealtaine 2003 (2003-05-30) (23 bliain d'aois) Stoke City 1 0
Ionsaitheoirí
7 Troy Parrott I 4 Feabhra 2002 (2002-02-04) (24 bliain d'aois) Real Betis 38 11
9 Tom Cannon I 28 Nollaig 2002 (2002-12-28) (23 bliain d'aois) Sheffield United 3 2
10 Adam Idah I 11 Feabhra 2001 (2001-02-11) (25 bliain d'aois) Swansea City 41 6
17 Jack Moylan I 1 Meán Fómhair 2001 (2001-09-01) (25 bliain d'aois) Cardiff City 3 3
19 Owen Elding I 7 Márta 2006 (2006-03-07) (20 bliain d'aois) Hibernian 1 0
20 Chiedozie Ogbene I 1 Bealtaine 1997 (1997-05-01) (29 bliain d'aois) Lincoln City 36 5
21 Rocco Vata I 18 Aibreán 2005 (2005-04-18) (21 bliain d'aois) Watford 1 0
  1. ↑ Sna rialacha FIFA teastaíonn gach foireann, trí chúil bháire ina scuaid. Tar éis a d'fhág Gavin Bazunu ó an scuaid ní raibh ach dhá chúil bháire acú, mar fháil ar sinn tá Jimmy Dunne síos mar cúil báire ar an liosta scuaid.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (14 Meán Fómhair 2025). "Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an tsacair sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann náisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-17.
  2. ↑ "Aisling na hÉireann beo ar éigean agus Ronaldo agus a chairde i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-13). Dáta rochtana: 2025-11-17.