Giovanni Trapattoni
| ||||
Sonraí pearsanta | ||||
---|---|---|---|---|
Ainm | Giovanni Luciano Giuseppe Trapattoni | |||
Náisiúntacht | ![]() | |||
Dáta breithe | 17 Márta 1939 | |||
Áit bhreithe | Cusano Milanino, An Iodáil | |||
Airde | 175 cm | |||
Leasainm | Trap | |||
Sonraí proifisiúnta | ||||
Foireann | Ceann ar bith | |||
Ról | Traenálaí | |||
Foirne phroifisiúnta | ||||
Blianta | Club | Cluichí (cúil) | ||
1957-1971 1971-1972 |
![]() ![]() |
274 (3) 10 (0) | ||
Foireann náisiúnta | ||||
1960-1964 | ![]() |
17 (1) | ||
Foirne a thraenáil | ||||
Blianta | Foirne | Staitisticí | ||
1974-1976 1976-1986 1986-1991 1991-1994 1994-1995 1995-1996 1996-1998 1998-2000 2000-2004 2004-2005 2005-2006 2006-2008 2008-2013 |
![]() ![]() ![]() ![]() Bayern München ![]() Bayern München ![]() ![]() ![]() ![]() Íomhá:600px Bisection vertical White HEX-FF0000.svg Salzburg ![]() |
(25,12,7) | ||
Is iar-imreoir peile Iodálach atá ag obair ina thraenálaí inniu é Giovanni Trapattoni, a rugadh i Milano na hIodáile ar an 17 Márta, 1939. Bhí sé i gceannas ar fhoireann náisiúnta na hÉireann ar feadh cúig bliana ó 2008 go 2013. Bhuaigh sé trí Scudetto (craobh na hIodáile) agus Corn na hEorpa faoi dhó mar chosantóir agus imreoir lár páirce leis an Milan.
Chaith sé tréimhse fhada rathúil mar thraenálaí le foireann na hIodáile, Bayern München i mBundesliga na Gearmáine, A.C. Milan, Internazionale agus Juventus i Serie A na hIodáile agus an fhoireann Ostarach, Red Bull Salzburg.
Is é Giovanni Trapattoni an traenálaí Iodálach is rathúla ag leibhéal na gclubanna: tá deich dteideal náisiúnta i gceithre thír dhifriúla buaite aige. Bhuaigh sé gach comórtas club UEFA agus an Corn Idirilchríochach nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar Juventus.
Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]
Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]
In úsáid mar imreoir lár páirce a bhí tugtha don chosaint nó mar fíorchosantóir, bhí ról lárnach ag Trapattoni i Milan Nereo Rocco. Bhaineadar an scudetto faoi dhó, Corn na hEorpa faoi dhó, Corn na gCorn uair amháin agus Corn Idirilchríochach amháin, chomh maith le Coppa Italia 1966-67.
Chaith sé ceithre shéasúr déag ag imirt le Milan, 274 cluiche sraithe san iomlán. Ina dhiaidh sin chaith sé séasúr amháin le Varese, ansin d’éirigh sé as.
Traenálaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é Giovanni Trapattoni an t-aon traenálaí sa domhain, in éineacht leis an Ostarach Ernst Happel, craobh náisiúnta a bhuachaint i gceithre thír dhifriúla (iomlán de dheich dteideal náisiúnta san Iodáil, Gearmáin, Portaingéile agus an Ostair) agus faoi láthair, tá sé an ceathrú traenálaí sa domhain (an dara san Eoraip) don líon na trófaithe idirnáisiúnta ag leibhéal club buaite.[1]
In éineacht leis an Gearmánach Udo Lattek, is é Trapattoni an t-aon traenálaí na trí príomh-comórtais UEFA don club a bhuachaint. Tá sé an aon traenálaí gach comórtas club UEFA a bhuachaint freisin (gach leis an Juve) agus coinníonn sé uimhir curiarrachta de thrófaithe buadh i gCorn UEFA le trí buanna.
Liosta trófaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Comórtais náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Serie A: 3
- Milan: 1958-59, 1961-62, 1967-68
Coppa Italia: 1
- Milan: 1966-67
Comórtais idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Milan: 1962-63, 1968-69
- Corn na gCorn: 1
- Milan: 1967-68
- Corn Idirilchríochach: 1
- Milan: 1969
Traenálaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Comórtais náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
Comórtais idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Trapattoni climbs another mountain". FIFA.com. Dáta rochtana: 2010-07-08. (en)