Martin O'Neill
Martin O'Neill | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 1 Márta, 1952 | |
Áit breithe | Cill Ria, Co. Dhoire | |
Club reatha | ||
Club | Nottingham Forest | |
Suíomh | Traenálaí | |
Foirne mar imreoir | ||
1971 1971–1981 1981 1981–1982 1982–1983 1983–1985 1971–1984 |
Distillery F.C. Nottingham Forest Norwich City Manchester City F.C. Norwich City Notts County Tuaisceart Éireann | |
Foirne mar thraenálaí | ||
1987–1989 1989–1990 1990–1995 1995 1995–2000 2000–2005 2006–2010 2013-2018 2018-inniu |
Grantham Town Shepshed Charterhouse Wycombe Wanderers Norwich City Leicester City Celtic F.C. Aston Villa Poblacht na hÉireann Nottingham Forest | |
Is traenálaí sacair Éireannach é Martin Hugh Michael O'Neill, OBE (rugadh 1 Márta, 1952).
Rugadh i gCill Ria é, gar do Chúil Raithin i gContae Dhoire. D'imir sé peil Ghaelach ina óige, ag baint Corn McRory i 1970 le St. Malachy's College, Béal Feirste, sular athraigh sé go sacar. D'imir sé le Distillery F.C. agus é ina mhac léinn, ag staidéar dlí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Níor chríochnaigh sé an chéim agus síníodh é mar pheileadóir gairmiúil i 1971. D'imir sé do Nottingham Forest faoi bhainis Brian Clough. Bhí sé ina chaptaen d'fhoireann náisiúnta Thuaisceart Éireann a d'imir i gCorn Domhanda na Spáinne i 1982, nuair a bhuaigh siad i gcoinne na Spáinne i Valencia. D'imir sé freisin ar son Norwich City agus Manchester City sular éirigh sé as.
Thosaigh sé mar thraenálaí le Wycombe Wanderers roimh sheal beag a chaitheamh le Norwich City. Thosaigh sé mar thraenálaí do Leicester City i rith an tséasúir 1995-96, áit a raibh sé an-rathúil. Thóg sé an post mar thraenálaí ag Ceiltigh Ghlaschú i 2000 agus bhuaigh siad 3 chorn ina chéad bhliain. Bhí air éirí as an phost ag deireadh an tséasúir i 2005, tar éis 7 gcorn a ghnóthú le Celtic.
D'fhág sé Ceiltigh Ghlaschú mar diagnóisíodh go raibh ailse limfeach ar a bhean. Tháinig sí chuici féin agus fuair sé post mar bhainisteoir le Aston Villa F.C. nuair a d'fhág David O'Leary an club.