Jack Charlton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJack Charlton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Bealtaine 1935
Ashington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Iúil 2020
85 bliana d'aois
Northumberland, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteJirafa Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1.87 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair, dírbheathaisnéisí, association football national coach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1952 –  1973
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Tír spóirtSasana Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCúlaí láir
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1952–1973 Leeds United Association Football Club 629(70) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1965–1970   England national association football team (en) Aistrigh 35(6) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
Newcastle United Football Club
  Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
Meitheamh 1988UEFA Euro 1988 (en) Aistrigh
1970Corn FIFA an Domhain 1970
Meitheamh 19681968 UEFA European Championship (en) Aistrigh
Iúil 1966Corn FIFA an Domhain 1966 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínBobby Charlton
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 27ea6a0f-6c3d-443e-b4f6-1675c814b2c3 FIFA: 43992 UEFA: 36378 Find a Grave: 213885322 Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir agus bainisteoir sacair ab ea John "Jack" Charlton (a rugadh ar an 8 Bealtaine 1935 i Northumberland, Sasana agus a d'éag ar 10 Iúil 2020). Chaith Jack Charlton 10 mbliana ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann idir 1986-96.[1] Bhí Charlton i gceannas do ré órga inar cháiligh an tír den chéad uair do chomórtais mhóra an domhain.[2] Tá an Sasanach sa Táin in Éirinn mar gheall ar na gaiscí a rinne foireann na hÉireann agus é ina cheann feadhna orthu.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leeds[cuir in eagar | athraigh foinse]

Do Leeds United F.C. amháin a d’imir Jack Charlton, ó 1950 go dtí 1973. D’imir sé níos mó cluichí don chlub sin ná mar a d’imir aon duine eile. 773 cluiche a d’imir sé don chumann i Yorkshire. Níos mó ná scór bliain a chaith sé ag imirt do Leeds United agus bhuaigh sé an tsraith leo in 1969, Corn FA in 1972, Corn na Sraithe in 1968 agus Corn UEFA faoi dhó, in 1968 agus in 1971.

Bhuaigh Charlton Corn Sacair an Domhain le foireann náisiúnta Shasana i 1966. Bhí a dheartháir Bobby ann chomh maith.

Bainisteoir na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Charlton an chéad eachtrannach a ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann nuair a tugadh an post dó i 1985. Bhain an fhoireann áit amach ag mórchomórtas idirnáisiúnta den chéad uair nuair a cháiligh siad do EURO 88 in Iarthar na Gearmáine. Bhí Charlton i gceannas ar Éirinn do chuid na cluichí is tábhachtaí agus na hócáidí spóirt is taibhsiúla i stair na tíre, ina measc

  • an bua in aghaidh a thíre féin, Sasana, ag EURO 88,
  • an cluiche in aghaidh na Romaine ag Italia 90 agus
  • an bua in aghaidh na hIodáile ag USA 94.
  • i 1990, shroich Éire Corn an Domhain den chéad uair
  • chuaigh an fhoireann chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais in Italia '90.
  • is é USA '94 an mórchomórtas deireanach ag Charlton.
1970

D'éirigh Charlton as an bpost i 1996.

Ar scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh saoránacht oinigh na hÉireann ar Charlton, chomh maith le Saoirse na Cathrach Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1994.

Tháinig liomfóma ar Charlton i 2019 agus bhí néaltrú air le roinnt blianta anuas. D'éag sé ar 10 íúil 2020 [3]. Bhí sé 85 bliain d’aois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2020-07-12). "Leabhar Comhbhróin ar líne do Jack Charlton" (as ga). 
  2. Pádraic Ó Ciardha. "JACK CHARLTON 1935-2020: ‘Thug sé cuimhní dúinn a bhfuil draíocht ag baint leo. Go raibh maith agat, a Jack’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-12.
  3. "Jack Charlton: England 1966 World Cup hero dies at 85" (en). Sky News. Dáta rochtana: 2021-07-09.