Bobby Charlton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir
Bobby Charlton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Robert Charlton
11 Deireadh Fómhair 1937
Ashington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Deireadh Fómhair 2023
86 bliana d'aois
Macclesfield District General Hospital, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBedlingtonshire Community High School (en) Aistrigh
Loreto Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde173 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoir agus sacar
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair, dírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1954 –  2023
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Tír spóirtSasana Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce agus ionsaitheoir
Gníomhréim
  Youth sports (en) Aistrigh
1953–1956 Manchester United Football Club Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann enllaç= enllaç=
1953–1953 English Schools' Football Association (en) Aistrigh 4(5)
1954–1954 England national under-18 association football team (en) Aistrigh 1(1)
1956–1973 Manchester United Football Club (imreoir lár páirce, ionsaitheoir)606(199)
1974–1975 Preston North End F.C. (en) Aistrigh (imreoir lár páirce)38(8)
1976–1976 Waterford United Football Club (imreoir lár páirce)3(1)
1976–1976 Melbourne Victory FC (en) Aistrigh 14(7)
1978–1978 Bangor City F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1958–1960   England national under-21 association football team (en) Aistrigh 6(5)
1958–1970   England national association football team (en) Aistrigh (imreoir lár páirce, ionsaitheoir)106(49) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
1973–1975 Preston North End F.C. (en) Aistrigh
1983–1983 Wigan Athletic Football Club (interim (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1970Corn FIFA an Domhain 1970
Meitheamh 19681968 UEFA European Championship (en) Aistrigh
Iúil 1966Corn FIFA an Domhain 1966
1962Corn FIFA an Domhain 1962
Meitheamh 1958Corn FIFA an Domhain 1958 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteSuzanne Charlton Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínJack Charlton
Duine muintearthaJack Milburn ()
George Milburn () Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0153282 Twitter: sirbobby Musicbrainz: 869dc3eb-3e64-49aa-937a-c17d1356189c Discogs: 1368944 FIFA: 43993 Cuir in eagar ar Wikidata

Fear spóirt Sasanach ab ea Sir Bobby Charlton (a rugadh ar an 11 Deireadh Fómhair 1937 in Ashington, Northumberland agus a d'éag ar 21 Deireadh Fómhair 2023). Aithnítear é mar dhuine de na himreoirí sacair is fearr riamh.

1962

Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

2009
The United Trinity, George Best, Denis Law agus Bobby Charlton

Bhí gairmréim fhada agus an-rathúil aige leis an bhfoireann Manchester United. Bhí sé ar duine de na 'Busby Babes' sna caogaidí, tagairt ar ndóigh d'imreoirí óga bhainisteoir na fóirne sin Matt Busby.[1]

Maraíodh go tragóideach cuid mhaith den fhoireann céadrogha sin de bharr na timpiste tragóidí a tharla ag Aerfort München i bhFeabhra na bliana 1958. 23 duine ar fad a maraíodh sa timpiste sin nuair a phléasc an t-eitleán ar an rúidbhealach agus í ag iarraidh éirí san aer. Bhíothas ag ceapadh go mba fhéidir nach n-imreodh Bobby Charlton arís i ndiaidh na timpiste sin mar gur léir do chách gur ghoill sé go mór air. Ach tháinig sé chuige féin, chuaigh ar ais i mbun traenála agus bhi ansin 10 mbliana níos deireanaí agus é cinniunach i 1968 i mbua Man United ar Benfica sa chluiche ceannais de Chorn na hEorpa.

Scóráil Charlton 249 cúl do Manchester United, curiarracht a mhair ar feadh i bhfad.

Bhí an rath céanna aige le foireann idirnáisiúnta Shasana chomh maith, Bhí sé ar an bhfoireann stairiúil sin i 1966 a bhuail an Ghearmáin Thiar (mar a bhí ag an am) i gCluiche Ceannais Chorn an Domhain. Sa bhliain chéanna, roghnaíodh é mar Pheileadóir na Bliana san Eoraip. D'imir Charlton 103 cluiche do Shasana.[1]

Chaith sé an chuid ba mhó dá ghairmréim ag imirt i lár na páirce, ag dul ar an ionsaí go minic agus ag aimsiú cúil. Ghnóthaigh sé naoi gcúl agus daichead le foireann Shasana, curiarracht a mhaireann fós.

Ar scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Charlton as an imirt sa bhliain 1976, agus sa bhliain 1984 ghlac sé post ar Bhord Stiúrthóirí Manchester United.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba fhear sacair mór le rá eile é a dheartháir Jack, a d'imir ina éineacht le foireann Shasana, an fear a stiúraigh foireann sacair Phoblacht na hÉireann le cáiliú do Chomórtas Euro '88 chomh maith le craobhacha an domhain i 1990 agus 1994.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-10-21). "An t-imreoir sacair Bobby Charlton, tar éis bháis" (as ga-IE).